Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Coimisiúin Idirnáisiúnta faoi Mhíolta Móra.

Seymour Crawford

Ceist:

32 D'fhiafraigh Mr. Crawford den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta le moladh na hÉireann faoi zón caomhnaithe a dhéanamh do mhíolta móra a chuir Éire os comhair an Choimisiúin Idirnáisiúnta faoi Mhíolta Móra; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14515/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 15 den 7 Bealtaine 1998. Pléadh moltaí comhréitithe Rialtas na nÉireann le déanaí ag an gcruinniú bliantúil de chuid an Chomisiúin Idirnáisiúnta um Sheilg an Mhíl Mhóir (IWC) a tionóladh in Oman í mí Bealtaine. Gan a bheag a dhéanamh den scoilt dhomhain atá ag leanúint ar aghaidh laistigh den IWC maidir le sealgaireacht an mhíl mhóir agus do na deachtrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann d'aon mholadh comhréitithe, is cúis áthais dom gurbh é dearcadh ginearálta na dtíortha go léir a raibh ionadaíocht acu ag an gcruinniú gurbh fhiú leanúint leis an bpróiseas comhairle agus comhrá a cuireadh tús leis ag na moltaí comhréitithe Éireannach agus go nglacfadh na tíortha go léir páirt sa phróiseas sin dá mba ghá. Go sonrach — cé go bhfuil ámhras nach beag ar thíortha áirithe go fóill — tugadh tacaíocht láidir do na moltaí ag na tíortha measartha mar bhonn le haghaidh réiteach ar an aighneas leanúnach laistigh den Chomisiún. Ba í tuairim na dtíortha seo gurbh é bealach an chomréitigh an bealach a b'fhearr chun a chinntiú go leanfadh an IWC mar chomisiún láidir agus éifeachtach, rud atá fíorthábhachtach do chaomhnú na míolta móra amach anseo. Tá mise den tuairim chéanna agus treisím arís go ndearnadh na moltaí seo chun líon na míolta móra a mharaítear a laghdú agus chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar rialú docht dhaingean ar aon shealgaireacht a tharlóidh.

Barr
Roinn