Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Forbairt na nOileán.

John Browne

Ceist:

35 D'fhiafraigh Mr. Browne (Carlow-Kilkenny) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí báúil leis an moladh ó chomharchumann (sonraí tughta) chun cábla-charr a chur ar fáil do mhuintir Inis Bigil, Contae Mhaigh Eo, ós rud é go bhfuil cead pleanála tugtha anois agus go bhfuil Roinn na Mara ag iniúchadh an iarratais chun ceadúnas urthrá a fháil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14506/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 122 de 17 Meitheamh 1998.

Billy Timmins

Ceist:

36 D'fhiafraigh Mr. Timmins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh aerstráice ar Inis Bó Finne, Cliara (Cuan Mó), Inis Toirc agus Inis Bigil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14523/98]

Tuigim ó na cuairteanna a thug mé ar na hOileáin seo gurb í an fhadhb is mó atá ag pobal na n-oileán ná bealach sábháilte go dtí an mórthír agus ar ais. Tá staidéar féidearthachta daerstráice déanta i gcás Inis Bó Finne, le cúnamh airgid ó mo Roinnse. Cheadaigh mé deontais le déanaí chun staidéir don chineál céanna a dhéanamh i gcás Inis Toirc agus Oileán Chliara. I gcás Inis Bigil tuigim nach bhfuil pobal an oileáin sin ag éileamh aerstráice faoi láthair. Leanfar ar aghaidh leis na céad chéimeanna eile chomh luath agus is féidir ach ag an bpointe seo ní féidir liom a rá cén uair a bheidh aerstráicí ar na hoileáin atá luaite.

Ulick Burke

Ceist:

37 D'fhiafraigh Mr. U. Burke den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an léireoidh sí céard é daonra gach oileáin ar a bhfuil daoine ina gcónaí; an bhfuil an daonra orthu ag titim nó ag neartú agus céard é polasaí na Roinne agus an Aire chun saol mhuintir na n-oileán a neartú agus an inseoidh sí céard atá á dhéanamh aici ina leith. [14508/98]

Dírím aird an Teachta ar leathanaigh 128 agus 129 den Daonáireamh 1996, Imleabhar 1, Daonra Aicmithe de réir Ceantair, agus ar an bhfreagra atá á thabhairt agam ar Cheist Dála Uimh. 77 inniú chomh maith leis na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 15 den 23 Deireadh Fómhair 1997 agus Uimh. 18 den 11 Márta 1998.

Barr
Roinn