Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Coláistí Gaeilge Samhraidh.

Derek McDowell

Ceist:

34 D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici an tuarascáil faoi na scéimeanna samhraidh do dhaltaí óga a fhoilsiú agus an bhfuil sé i gceist aici aon athrú a dhéanamh sna coinníollacha a bhaineann leis na scéimeanna nó na coláistí Gaeilge. [14472/98]

Tá an t-athbhreithniú ar chóras na gColáistí Gaeilge Samhraidh críochnaithe le tamall agus tá tuarascáil chuimsitheach le moltaí an ghrúpa athbhreithnithe á scrúdú ag mo Roinn féin agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi lathair.

Tá sé beartaithe agam an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí a luaithe a bheidh na socruithe cuí chuige sin déanta.

Cuirfear cóip go dtí Rúnaithe na gColáistí Gaeilge Samhraidh agus beidh cóipeanna le fáil ó Oifig mo Roinnse sna Forbacha, Gaillimh.

Cuirfear fáilte roimh aon tuairimí faoi na moltaí atá san tuarascáil agus cuirfear san áireamh iad nuair a bheidh cinnithe faoi na moltaí sin á ndéanamh ag an dá Roinn.

Barr
Roinn