Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Tionscal na Scannán.

Pádraic McCormack

Ceist:

43 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na scannáin a rinneadh i nGaillimh le cabhair óna Roinn le bliain anuas. [14475/98]

Tuigeann mo Roinnse go ndearnadh ocht scannán i gContae na Gaillimhe i rith na bliana dar críoch 1 Meitheamh 1998. Fuair na scannáin sin go léir teastais ó mo Roinnse faoi Alt 481 den Acht Comhdhlúithe Cánacha, 1997 (Alt 35 den Acht Airgeadais, 1987, roimhe seo).

Rinneadh ceithre scannán faisnéise freisin i gContae na Gaillimhe sa tréimhse chéanna le cabhair ó Bhord Scannán na hÉireann.

Barr
Roinn