Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Deontais Ealáine.

Pádraic McCormack

Ceist:

44 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hiarrachtaí cultúrtha i nGaillimh a fuair cabhair airgid óna Roinn le bliain anuas. [14474/98]

Íocadh suimeanna mar seo a leanas le tograí cultúrtha i gCo na Gaillimhe as Ciste na Gaeilge (fáltais an Chrannchuir Náisiúnta) i 1997:

£

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

107,605

Taibhdhearc na Gaillimhe

90,000

An Gael Acadamh

31,000

Gaillimh le Gaeilge

33,595

Scléip Teo

3,000

Tógra Béaloideasa, Coláiste na hOllscoile

850

Tá na suimeanna seo a leanas ceadaithe as Ciste na Gaeilge (fáltais an Chrannchuir
Náisiúnta) i leith tograí cultúrtha i gCo na nGaillimhe i mbliana:

£

An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta

118,000

Taibhdhearc na Gaillimhe

95,000

An Gael Acadamh

35,000

Gaillimh le Gaeilge

35,000

Comhaltas na Macléinn, Gaillimh

6,000

Tógra Béaloideasa, Coláiste na hOllscoile

400

Chomh maith leis sin, íocadh £119,413 i 1997 agus £1,607 go dáta i 1998 faoi Fomhír F3 de Vóta mo Roinne ar thograí cultúrtha i nGaeltacht na Gaillimhe. Is é Áras Mháirtín Uí Chadhain, An Cheathrú Rua — ionad cultúir agus oideachais de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh — an príomhthogra a n-íoctar cúnamh ina leith faoin bhFomhír seo. Íocadh cúnamh £80,000 leo i 1997.
Faoi Scéim Dreasachtaí Cultúrtha mo Roinne (CDIS), ar cuid den Chlár Oibríochta do Thurasóireacht í, tá cúnamh táirgthe do 3 thogra i gCo na Gaillimhe mar a leanas:

£

Amharclann “Black Box” Céim II

550,000

Ionad Ealaíne na Gaillimhe

250,000

Ionad Cultúrtha, Inis Oírr

90,000

Chomh maith leis an gcistíocht a thagann ó mo Roinnse, cuireann an Chomhairle Ealaíon airgead suntasach ar fáil do thograí ealaíne, dócáidí agus deagraíochtaí ealaíne i gContae na Gaillimhe. Tá sonraí faoi chinnithe na Comhairle i 1998 go dáta le fáil i bhfoilseachán dá cuid:“Arts Council — Revenue Funding Decisions 1998”.
Barr
Roinn