Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Forbairt na Gaeilge.

Bernard J. Durkan

Ceist:

47 D'fhiafraigh Mr. Durkan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán céard iad na staidéir atá déanta ar stádas na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, an bhfuil sí sásta leis an gcaighdeán seo agus an ndéanfaidh sí ráiteas faoi na pleananna atá aici chun í a fhorbairt agus a neartú. [14501/98]

Níl staidéir fhoirmiúla déanta ag mo Roinnse maidir le stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcoitinne. Ní hionann é sin agus a rá, áfach, nach bhfuil eolas maith againn ar an stádas.

I 1996 foilsíodh tuarascáil dar teideal "An Ghaeilge san Earnáil Phoiblí i gCeantar na Gaillimhe". Is tuarascáil í sin a rinne an tIonad Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar son Bhord na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Léirítear inti — d'ainneoin na n-iarrachtaí fónta atá á ndéanamh ag eagrais áirithe — nach bhfuil seirbhís shásúil trí Ghaeilge á fáil ag pobal Ghaeltacht na Gaillimhe. Is cinnte gur mar an gcéanna atá an scéal maidir leis na ceantair Ghaeltachta eile.

Is léir nach bhfuil ag éirí, cé go bhfuil feidhm leo i gcónaí, leis na treoirlinte ó Bhord na Gaeilge maidir le cláracha gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i gcrích ag Ranna agus Eagrais Stáit i dtaca le feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír. Mar sin tá obair tosaithe i mo Roinnse ar dhréachtcheannteidil do Bhille Teanga a ullmhú — Bille a bheidh mar chuspóir aige córas reachtúil cearta teanga a thionscnamh.

Barr
Roinn