Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Craoladh Gaeilge.

Michael Finucane

Ceist:

46 D'fhiafraigh Mr. Finucane den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh tuilleadh ama craolacháin ag Raidió na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14518/98]

Dan Neville

Ceist:

53 D'fhiafraigh Mr. Neville den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici tuilleadh ama craolacháin a thabhairt do Theilifís na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14513/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 43 agus Uimh. 53 le chéile.

Leagtar sios í mir 18 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, leasuithe ag mir 14(1) den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, nach sáróidh an méid iomláin uaire sa bhliain craolacháin ag RTÉ, nuair atá (a) a sheirbhís teilifise agus (b) a sheirbhís craolacháin fuaime á soláthar aige, uasmhéid socraithe ag RTÉ don seirbhís sin, le haontú an Aire, ná nach mbeidh sé níos lú ná iosmhéid socraithe ag RTÉ sa dóigh chéanna.

Go dtí go gcuirtear struchtúr dlíthiúil ar leith ar bun do Theilifís na Gaeilge, tá treoir tugtha do RTE an cúram i dtaobh feidhiú na seirbhíse a ghlacadh. Dá réir sin, baineann na rialacha céanna le huaireanta craolacháin eile de chuid RTÉ.

Is ceist do RTÉ ar an gcéad dul síos iarratas a chur chugam chun athrú a dhéanamh sna huaireanta craolacháin atá ceadaithe, Níl aon iarratas den chineál sin agam ó RTÉ faoi láthair i leith Theilifís na Gaeilge nó Raidió na Gaeltachta.

Barr
Roinn