Jim Mitchell
Ceist:62 D'fhiafraigh Mr. J. Mitchell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén scéala atá ann faoi láthair ó thaobh deisiúcháin agus athchóiriú a dhéanamh ar Theach Bhaile an Chaisleáin agus an mbeidh sé ar oscailt don phobal i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14521/98]