Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge.

P. J. Sheehan

Ceist:

63 D'fhiafraigh Mr. Sheehan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an líon lucht féachana teilifíse atá in ann Teilifís na Gaeilge a fháil; an bhfuil sí sásta leis an scéal seo agus an ndéarfaidh sí cad iad na pleananna atá aici chun an scéal a neartú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14500/98]

Dinny McGinley

Ceist:

138 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí sásta go bhfuil teacht ar Theilifís na Gaeilge ar fud na tíre; cad iad na ceantair nach bhfuil teacht air go fóill; agus cad atá á dhéanamh le cúrsaí a chur ina gceart. [14678/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 63 agus Uimh. 138 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar fhreagraí a thug mé cheana ar a mhacasamhail de cheisteanna — mo fhreagra ar Ceist Uimh. 24 den 23 Deireadh Fómhair 1997 ach go háirithe.

Mar a dúirt mé ag an am sin, feidhmíonn Teilifís na Gaeilge faoi láthair mar sheirbhís do chuid RTE faoi na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1993. Is gnó ina bhfuil freagracht ó lá go lá ar Údarás RTÉ, ach chomhairle a fháil ó Chomhairle Theilifís na Gaeilge, an cheist atá ardaithe ag an Teachta agus níl feidhm reachtúil agam sa chás.

Mar sin féin, i gcomhréir le cleachtas fadthréimhseach táim sásta eolas arna cur ar fáil ag RTE a thabhairt don Teach mar fhreagra ar Cheisteanna a bhaineann go sonrach le feabhsúcháin i nglacadh seirbhísí náisiúnta craolacháin.

Tuigim ó RTE go bhfuil Teilifís na Gaeilge ar fáil do 95 faoin gcéad den daonra ar bhanda UHF; nach bhfuil fáil uirthu go fóill i gcodanna de chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chorcaí agus Chiarraí; go bhfuil i gceist, faoi réir chead pleanála a fháil, tarchurdóirí a chur ar fáil le go mbeadh teacht ar an tseirbhis i gceantair na nGleannta agus an Fháil Charraigh i gContae Dhun na nGall; agus go bhfuiltear ag scrúdú na féidearthachtaí maidir leis an tseirbhís a leathnú, a luaithe is féidir, go dtí ceantair eile sa tír nach bhfuil clúdaithe faoi láthair.

Brian O'Shea

Ceist:

65 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici méadú airgid a chur ar fáil do Theilifís na Gaeilge chun cláracha a dhéanamh agus an mbeidh sí ag cur moltaí ar aghaidh sna cainteanna le linn ullmhú na meastachán chun airgead caipitil a chur ar fáil chun Teilifís na Gaeilge a chur in oiriúint don ré dhigiteach. [14554/98]

Dinny McGinley

Ceist:

137 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ó Theilifís na Gaeilge ag lorg breis acmhainní; an bhfuil an t-iarratas á mheas faoi láthair; agus an gceadófar an bhreis airgid atá riachtanach chun a chumasú don stáisiún a bpleananna a chur i gcrích. [14677/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 65 agus Uimh. 137 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 260 den 6 Bealtaine 1998.

Fuair mo Roinnse iarratas ar chistíocht bhreise ó Theilifís na Gaeilge agus tá sé á scrúdú faoi láthair. Déanfar an t-iarratas a mheas i gcomhthéacs na Meastachán do 1999.

Barr
Roinn