Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Comhairle na hEorpa.

Michael Noonan

Ceist:

68 D'fhiafraigh Mr. Noonan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh sí ag síniú na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh nó Réigiúnda ar son an Rialtais ós rud é go bhfuil Rialtas na Breataine ag glacadh leis go luath; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14483/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 21 ar 5 Feabhra nuair a dúirt mé nach bhfuil i gceist Cairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh a shíniú agus nuair a thug mé na cúiseanna a bhí agam don chinneadh sin.

Níl aon athrú ar an seasamh sin san idirlinn.

Barr
Roinn