Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Ceiliúradh na Mílaoise.

Michael Noonan

Ceist:

69 D'fhiafraigh Mr. Noonan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar chuir sí moltaí ar bith os comhair an Rialtais i leith chomóradh speisialta 2000 AD ó thaobh chultúr agus oidhreacht na hÉireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14484/98]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 9 den 7 Bealtaine 1997. Ghlac an Rialtas le déanaí le moladh chun Grúpa Stiúrtha a bhunú don Mhílaois faoi Chathaoirleacht an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, Séamus Ó Braonáin Uasal, TD Maidir leis an gceist i ndáil le tograí cultúrtha agus oidhreachta a choimisiniú nó a mholadh ag mo Roinnse, déanfar cinneadh faoi seo.

Barr
Roinn