Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 15 Oct 1998

Vol. 495 No. 3

Written Answers. - Cruinnithe Oifigiúla.

Paul McGrath

Ceist:

27 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéid cruinnithe a bhí ag oifigigh a Roinne agus í féin le heagrais Gaeilge Thuaisceart Éireann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19680/98]

Bhí cúpla cruinniú ann a d'fhreastail mise orthu in éineacht le hoifigigh de chuid mo Roinne agus de chuid Ranna Stáit eile le heagrais áirithe Ghaeilge atá lonnaithe sa Tuaisceart ar mhaithe le caidreamh níos dlúithe a chothú leo agus tuai-rimí agus eolas a mhalartú maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó Thuaidh.

Barr
Roinn