Tá sé ar intinn agam forálacha uile an Acht Oideachais, 1998 a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus forálann an tAcht fhéin nach foláir do na forálacha uile teacht i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain on dáta achtaithe. Maidir le cuid de na forálacha, áfach, ní féidir leo teacht i bhfeidhm gan pleanáil chúramach agus comhairle a bheith glactha leis na páirtithe oideachais agus páirtithe leasmhara eile. Tá alt 31 i measc na bhforálacha siúd, ó tharla go bhfuil ballraíocht an choiste i gceist, chomh maith le ceisteanna acmhainní agus na feidhmeanna ar leith a bheas ag an gcoiste. Dá bhrí sin, níl ar mo chumas fao láthair a rá cén uair go cruinn a bhunóidh mé an coiste nó cén bhallraíocht a bheas aige. Rachaidh mo Roinn i gcomhairle leis na páirtithe i gceist go rí-ghairid d'fhonn an coiste a chur ar gan mhoill.