Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 20 Apr 1999

Vol. 503 No. 3

Written Answers. - Craoladh Cláracha Gaeilge.

Enda Kenny

Ceist:

459 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici go mbeidh foráil sa Bhille Craolacháin a chinnteoidh go mbeidh dualgas reachtúil ar Sholáthróirí Serbhísí Craolacháin, idir theilifís agus raidió; sciar áirithe ama a chun ar fáil do chraoladh cláracha Gaeilge. [10272/99]

Cé go mbeidh forálacha ar leith sa Bhille Craolacháin a bhainfidh le husáid na Gaeilge, níl sé beartaithe agam sciar sonrach ama do chláracha Gaeilge a shonrú faoi mar atá i gceist ag an Teachta.

Barr
Roinn