Mar is eol don Teachta, fuarthas iarrantas i mo Roinn ón bhfochchoiste meánoideachais, i dtaca le Coiste Ghairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, ag iarriadh scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais an cheantair seo.
Glacann mo Roinn leis go bhfuil méadú ar an éileamh ar oideachas dara léibhéal tré ghaeilge i dtuaisceart na cathrach, toisc an fáis atá tagtha le blianta anuas ar uimhir na ngaeilscoileanna sa cheantar. Is í an cheist is mo atá le réiteach ná conas is fearr freastal a dhéanamh ar an éileamh seo.
D'aimsigh an fochcoiste suíomh toabh le Scoil Neasáin agus rinne ball d'fhoireann mo Roinne an suíomh sin a mheas. Léirigh an meastacháin sin nach mbeadh an suíomh, atá 1.2 acra ar fhairsinge, oiriúnach ar chor ar bith le h-aghaidh buan-fhoirgneamh scoile.