Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimhir 20 den 29 Aibreán. Déanann Bord na Gaeilge pobalbhreitheanna go rialta i gcomhar le IMS ina gcuirtear ceisteanna mar gheall ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge sa sochaí. Faoi láthair tá staidéar ar siúl ag an mBord ar riachtanais thaighde na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas mar bhonn do chlár taighde oiriúnach a réiteach. Mar chuid den obair tá modhanna cuí á dtástáil chun meon an phobail i leith na Gaeilge a mheas – go háirithe i dTuaisceart Éireann.
Foinse thábhachtach eolais faoi úsáid na Gaeilge is ea Daonáireamh na bliana 1996 inar cuireadh ceist don chéad uair maidir le cé chomh minic is a labhraíonn daoine Gaeilge. Ba chóir a lua freisin go ndéanann Institúid Teangeolaíochta Éireann suirbhé náisiúnta gach deichiú bliain agus gur foilsíodh an ceann is déanaí sa bhliain 1993. Tugann an taighde seo, National Survey on Languages, eolas mar gheall ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge, ar a gcumas Gaeilge agus ar an úsáid a bhaintear as an nGaeilge i réimsí éagsúla.
Ní miste a lua chomh maith go bhfuil cúram taighde le bheith ar an bhForas Teanga atá le bunú ar bhonn uile – oileánda faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998.