Tá mo Roinnse faoi láthair ag scrúdú na féidearthachtaí maidir le straitéis teangan don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm i gceantair áirithe Ghaeltachta ar bhonn píolótach. Bheadh sé i gceist sa stratéis seo na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis an teanga sa Ghaeltacht a aithint, leigheasanna a mholadh agus plean a chur i bhfeidhm. Bheadh sé i gceist freisin mar chuid den stratéis seo scrúdú a dhéanamh ar staid na Gaeilge sna ceantair i gceist.
Tá scéimeanna nua a scrúdú freisin le cur le neart na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar shampla, fógraíodh scéim campaí samhraidh le gairid d'aos óg na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh go luath faoi iarratas maidir le cúntóirí teangan.
Maidir le líon na nGaeilgeoirí sa Ghaeltacht bunaithe ar fhigiúirí an daonaireamh seo mar atá an scéal:
Contae
|
1986
|
1991
|
1996
|
Dún na nGall
|
18,823
|
17,574
|
17,788
|
Maigh Eo
|
8,071
|
7,096
|
7,481
|
Gaillimh
|
20,873
|
21,533
|
24,994
|
Ciarraí
|
6,142
|
5,945
|
6,132
|
Corcaí
|
2,846
|
2,686
|
2,756
|
Port Láirge
|
1,094
|
1,035
|
1,111
|
An Mhí
|
602
|
600
|
773
|
Iomlán
|
58,451
|
56,469
|
61,035
|
Go bunúsach, ó 1986 go 1996 tháinig méadú ó 58,000 go 61,000. Níl mé sásta, áfach, go dtugann na figiúirí sin léargas cruinn dúinn agus mar sin tá eolas á lorg agam ón bPríomh Oifig Staidreamh maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla i ngach toghroinn ceantar Gaeltachta ar fud na tíre. Ar ndóigh, ó thárla nár cuireadh an cheist seo cheana sa daonáireamh níl aon fhigiúirí comparáideacha ar fáil.