Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Jun 1999

Vol. 506 No. 2

Written Answers. - Leabharuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta.

Trevor Sargent

Ceist:

335 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí i bhfabhar córas Éireannach den chóras Sasanach ISSN (International Standard Serial Number) a bhunú sa tír chun neamhspleáchas idirnáisiúnta a thabhairt d'fhoilsitheoirí Éireann-acha agus go mórmór iad siúd a bhíonn ag foilsiú as Gaeilge agus an mbéadh sí sásta bualadh le foilsitheoirí ón dtír seo chun an cheist a phlé. [14899/99]

Níl aon fheidhm agam maidir leis an gcóras ISBN – Leabharuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta. Tuigtear dom go bhfuil an córas seo lonnaithe i mBerlin.

Tá ionad ISSN in Éirinn cheana féin. Tá an tionad lonnaithe sa Leabharlann Náisiúnta agus is í an leabharlann a sholáthraíonn foireann dó. Is é dualgas an Ionaid Sraithuimhreacha Chaighdeánacha Idirnáisiúnta (ISSNs) a thabhairt do shraitheacháin a fhoilsíteatar. Tugann an tionad seo SCI (ISSNs) do shraitheacháin a fhoilsítear sa Stát.

Barr
Roinn