Tá fhios agam go bhfuil an-chuid tithíocht ar siúl agus beartaithe don cheantar atá luaite ag an dTeachta. Tá socruithe á dhéanamh i mo Roinn cheana féin chun cóiríocht breise a sholáthar chun freastal ar an méadú in uimhir na ndaltaí ins na bunscoileannna.
Níl iarratas faighte i mo Roinn ar iarbhunscoil nua a sholáthar i nDomhnach Bat. Freastalaíonn formhór na ndaltaí scoile ó'n cheantar seo ar scoileanna iar-bhunoideachais i Sórd, Mullach Íde, Sutton agus Baile Brigín. Tá mo Roinn ag cur leis an cóiríocht ins na scoileanna seo i dtreo's gur féidir leo freastal ar na daltaí breise ó cheantar Dhomhnach Bat agus Port Reachrainn.
Mar is gnáth i gcás ceantair ina bhfuil forbairt mór tithíochta ag tarlú, déanfaidh mo Roinn an scéal a athbhreithniú go rialta. Má thagann méadú as cuimse ar an éileamh ar áiteacha ins na scoileanna dara leibheál sa cheantar, féachfaidh mo Roinn chuig soláthar breise a dhéanamh tré leathnú na scoileanna atá ann anois nó tré scoil iar-bhunoideachais nua a thógáil.