Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Oct 1999

Vol. 509 No. 3

Written Answers. - Cóimheas Dalta-Múintéora.

John Gormley

Ceist:

68 D'fhiafraigh Mr. Gormley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén plean atá aige an mhéid atá i ranganna dara leibhéal a ísliú mar tá siad níos mó faoi láthair ná mar a bhí siad i 1971. [20170/99]

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil múinteoirí breise á ndáileadh ar scoileanna dara leibhéal i mbliana den chéad uair le cúpla bliain anuas. Tá soláthar déanta do 225 múinteoirí sa bhreis. Mar thoradh ar an méadú sin agus ar an gcinneadh a rinneadh faoi 130 meánmhúinteoirí a choinneáil ina gcuid scoileanna in áit iad a athlonnú, táimid in ann seirbhís feabhais a chur ar fáil i ngach scoil dara leibhéal agus an scéim Chaidrimh Teaghlaigh/Scoile/Baile a chur i bhfeidhm i ngach scoil atá faoi mhíbhuntáiste. Tá feabhas curtha i bhfeidhm agam maidir leis an soláthar i dtaca le treoir trí íosmhéid ráthaithe dáilte a bheith ar fáil anois do gach scoil.

Chomh maith le níos mó múinteoirí a chur ar fáil, tá cóimheas coinneála nua curtha i gcrích agam i mbliana chun meánmhúinteoirí a choinneáil in áit iad a athlonnú. Dá bharr sin, tá 150 múinteoirí eile á gcoinneáil ina scoileanna agus beidh fáil go leanúnach ar na múinteoirí sin chun feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais atá le fáil inár gcuid scoileanna.

Sa scoilbhliain 1998/99 bhí an cóimheas daltaí/múinteoirí thart faoi 15.4:1. Nuair a chuirtear san áireamh an méadú de 225 múinteoirí nó mar sin agus an titim mheasta san ionrollaíocht, meastar go mbeidh an cóimheas thart faoi 15.1:1. Dá bhithín seo, tá líon mór ann de ranganna an-bheaga. Táim ag súil go n-aontóidh an Teachta liom gurb í an ghné is mó maidir leis an líon daltaí i ranganna ná an tionchar a bhíonn aige seo ar dhul chun cinn oideachasúil an dalta. Maidir leis seo, léiríonn an taighde ollmhór atá déanta gur sna blianta tosaigh den bhunoideachas is mó a bhraitear an tionchar i dtaca le méid an ranga agus go háirithe maidir le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.

Barr
Roinn