Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Nov 1999

Vol. 510 No. 3

Written Answers. - Postal Services.

Trevor Sargent

Ceist:

137 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Fiontar Poiblí an dtabharfaidh sí tacaíocht don Phost chun córas aistrithe airgid ó oifig an phoist go brainse de bhanc a chur ar bun ar nós na seirbhíse Giro a bhíonn ar fáil ag na bainc féin. [22737/99]

Faoi alt 67 den Acht um Phoist agus Sheirbhisí Theileachumarsáide, 1983, tar éis comhairle a ghlacadh liomsa agus de réir cead faoi Ordú an Aire Airgeadais (tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais) tá An Post i dteidil seirbhisí Giro a chur ar fáil.

I ndail le riachtanais an Achta sin is ceist í d'An Post an cead sin a lorg. Níl aon iarratas mar sin faighte agam.

Barr
Roinn