Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Nov 1999

Vol. 511 No. 6

Written Answers. - Limistéirí Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

354 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ann leis an chuid eile de pharóiste Chill Chártha a thabhairt isteach sa Ghaeltacht. [25457/99]

Tá breithniú leanúnach á dhéanamh agam ar na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Tá coiste bunaithe agam le fíordhéanaí, Coiste Comhairleach na nÓg, le comhairle a tabhairt dom maidir le todhchaí na Gaeltachta. Chomh maith le sin d'iarr mé ar an lár-oifig staidrimh mionanailís a dhéanamh ar phatrúin teangeolaíochta na tíre, an Ghaeltacht san áireamh, bunaithe ar thorthaí daonáirimh 1996. Úsáidfear an t-eolas sin chun críche bheartas teanga ar a n-áirítear breithniú a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta.

Barr
Roinn