Dinny McGinley
Ceist:355 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ann le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ag Céidh Ghort tSáile i gCill Chártha i nDún na nGall. [25458/99]
Vol. 511 No. 6
355 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ann le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ag Céidh Ghort tSáile i gCill Chártha i nDún na nGall. [25458/99]
Tá mo Roinnse i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair maidir le céibheanna Comhairle Contae sa Ghaeltacht gur féidir a fheabhsú amach anseo i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Contae.
Cuirfear na saoráidí calaíochta atá luaite ag an Teachta san áireamh sa chomhthéacs sin.