Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 6 Apr 2000

Vol. 517 No. 5

Written Answers. - Téacsleabhar as Gaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

163 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén plean atá aige fadhb easpa téacsleabhar as Gaeilge a leigheas (sonraí tugtha). [10298/00]

I dtaca leis an ábhar do na cláracha "Stay Safe" agus "Relationships and Sexuality", is mian liom a rá go bhfuil an próiséas aistriúcháin nach mór críochnaithe. Beidh gá le tuilleadh oibre lena chinntiú go mbeidh an téacs aistrithe go hiomlán in oiriúint don aois-ghrúpa ar a bhfuil sé dírithe. Tosófar ar an bpróiséas priontála ansin.

Beidh leagan Gaeilge de thrialacha caighdeánacha sa Mhatamaitic do Ranganna 3-6 na bunscoile ar fáil ón Aonad Taighde i gColáiste Phádraigh, Droim Conrach tar éis na Cásca. Tá trialacha caighdeánacha do Ranganna 3-6 na bunscoile sa léitheoireacht Ghaeilge ar fáil ón Aonad céanna faoi láthair.

Is gnó do na foilsitheoirí oideachais téacsleabhair a chur ar fáil do gach ábhar, Tíreolaíocht san áireamh anseo. Agus próiséas athbhreithnithe an churaclaim ar siúl, do chuir an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar a súile do na foilsitheoirí an cineál tacaíochta a d'fhéadfadh téacsleabhair a thabhairt i gcur i bhfeidhm an churaclaim. Mar bhreis ar sin, rinneadh sonraíocht a ullmhú do na foilsitheoirí chun a dheimhniú go mbeadh an t-ábhar ar aon dul le cuspóirí an churaclaim agus leis an gcur chuige agus leis na modhanna a bhaineann leis.

Barr
Roinn