Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Ceisteanna–Questions. Priority Questions. - Bille na Gaeilge.

Brian O'Shea

Ceist:

2 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachtas, Gaeltachta agus Oiléan an bhfuil aon athrú mór ar Bhille na Gaeilge ón am a thosaigh an Roinn ar an mBille a chur le chéile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30408/00]

Tá scéim an Bhille á hullmhú i gcomhréir leis na moltaí lenar ghlac an Rialtas i mí Iúil seo caite.

Níl mé ag lorg freagra faoin tréimhse ó mhí Iúil seo caite amháin. Tá mé ag iarraidh freagra a fháil ar cad iad na hathruithe a tháinig ar an mBille ó thosaigh na hoifigigh sa Roinn ag cur an Bille le chéile. Cad iad na hathruithe a tháinig ar an mBille ó tháinig an Rialtas seo isteach i gcumhacht?

Fuair me an cheist. Chaith mé am ag smaoineamh air agus an rud atá ann ná seo. Nuair a thosaigh siad ní raibh tada ann. Is athrú é gach rud ar an rud a bhí ann ón tús.

Tá an tAire Stáit thar a bheith cliste. An cheist atá agamsa i ndeireadh na dála ná an mbeidh sé ann go mbeidh daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge in ann é sin a dhéanamh le gach Roinn Stáit, le gach údarás áitiúil, bord sláinte agus mar sin de? Nó an mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh anseo is ansiúd? Mothaímse go bhfuil an tAire Stáit ag dul sa treo sin faoi láthair.

Ní féidir liomsa a rá cad a bheidh i reachtaíocht go baileach go dtí go nglacfaidh an rialtas leis an reachtaíocht sin ach is féidir liom an méid seo a rá. Labhair mé go mion is go minic i dtaobh ábhar na ceiste seo go ginearálta ó ceapadh mé mar Aire Stáit agus tá cóipeanna de na hóráidí a thug mé in áiteanna éagsúla agus go deimhin féin ceann de ha hóráidí is tábhachtaí a thug mé ar an ábhar seo thug mé thíos i nDún Garbháin i bPort Láirge é aimsir an Oireachtais. An rud a dúirt mé agus an rud a sheasaim leis ná nach mbeidh sé indéanta nó réalaíoch, agus is trua nach féidir é a dhéanamh i dtíortha ar nós Ceanada, sé sin go bhféadfadh duine ar bith siúl isteach in oifig phoiblí ar bith agus gnó a dhéanamh tré Ghaeilge le hoibrí poiblí nó stát seirbhíseach ar bith.

Mar a dúirt mé go minic dá bhféadfaí a leithéid de dhlí a chur i bhfeidhm ní bheadh gá leis an dlí mar go mbeadh an Ghaeilge ag chuile dhuine sa tseirbhís phoiblí.

An bhfuil sé ceart a rá go bhfuil an Roinn Airgeadais i gcoinne an Bhille seo mar a bhí ar intinn ag an Aire Stáit i dtús báire mar go gcosnódh an Bille a bhí ar intinn an iomad agus nach bhfuil an Roinn Airgeadais sásta an t-airgead sin a chur ar fáil?

Glacadh agus tógadh cinneadh Rialtais ag treorú dom cinn an Bhille a réiteach. Níor chuir na treoracha sin laincis ar bith orm i dtaobh an rud a bhí i gceist a dhéanamh agus tá mé ag obair dá réir. Níl sé fíor go bhfuil aon cheist mar sin ann. Níl aon fhadhb ann. Mar tá ráite go mion minic agam cinneadh an Rialtais atá ann i bhfábhar an Bhille seo a réiteach. Maidir le ábhar agus mion-ábhar an Bhille tá scrúdú agus obair á dhéanamh ar seo i gcaitheamh an ama agus beidh ort fanacht go bhfoilseofar an Bille go bhfeicfidh tú cén breithiúnas a thabharfaidh tú air. Tá mise iomlán sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Tá go leor ceisteanna nár thuig muid ag an tús a bheadh ann le freagairt agus tá mé iomlán sásta nuair a fhoilseofar an Bille seo go bhfeicfear go bhfuil an rud is fearr gur féidir a dhéanamh i dtaobh na ceiste déanta.

An bhfuil tuairim ar bith ag an Aire Stáit ar cad a chosnóidh sé an Bille seo a chur i bhfeidhm nó an bhfuil siad ag dul timpeall sa dorchadas, mar a déarfá.

Is féidir liom a dhearbhú don Teachta nuair a bheidh an obair réidh ar an mBille seo go ndéanfar é go críochnúil sna gnáth bhealaí in a ndéantar obair mar seo. Mar is eol don Teachta tógtar costas san áireamh i ngach aon reachtaíocht a chuirtear ar aghaidh agus tá mé iomlán sásta go mbeidh Bille thar a bheith maith againn ag deireadh an lae. Is ceist ansin do Thithe an Oireachtais breithiúnas a thabhairt ar an mBille nuair a fhoilseofar é. Tá fhios ag an Teachta nach féidir liom dul isteach i mion-sonraí atá á moladh agus á bplé i láthair na huaire go dtí go mbeidh cinneadh Rialtais deireannach ar an mBille ar fáil. Tá fhios ag an Teachta é sin. Cloistear go leor scéalta nach mbíonn fíor, nóiméad amháin ag an dream seo, nóiméad eile ag an dream siúd. An t-aon mhoill atá leis seo ná an gnáth obair a bhíonn i gceist. Caithfidh mé a rá go bhfuil níos mó ceisteanna ann, cuid mhaith acu ardaithe agam féin go deimhin, ag iarraidh a chinntiú nuair a thiocfaidh sé chun cinn gur rud tairbheach, foirfeach, críochniúil a bheidh ann agus go mbeidh sé infheidhmithe, mar go minic, le 70 bliana anuas, an fhadhb a bhí ann le pleananna chun an Ghaeilge a chur chun cinn go raibh siad thar cinn ar pháipéar ach nach bhféadfaí iad a fheidhmiú go praiticiúil. Beidh an ceann seo infheidhmithe agus feidhmeofar é.

Barr
Roinn