Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Ceisteanna–Questions. Priority Questions. - Coimisiún na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

3 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a bhfuil sí ag súil go mbeidh tuairisc Choimisiún na Gaeltachta á foilsiú. [30049/00]

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 129 den 4 Deireadh Fómhair agus ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimhreacha 101, 108, 117, 124, 135 agus 143 den 14 Samhain.

Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht nios luaithe i mbliana chun moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta. Táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcoimisiúin go dáta ag cur san áireamh na téarmaí tagartha leathan atá tugtha dó.

Faoi láthair tá an Coimisiún ag eagrú sraith cruinnithe oscailte ar fud na Gaeltachta agus lasmuigh di chun deis a thabhairt don phobal tuairimí agus moltaí ó bhéal a chur ar aghaidh. Go deimhin féin tá breis is 100 aighneacht i scríbhinn faighte ag an gcoimisiún ón bpobal go dáta. Tuigim go mbeidh an próiséas comhairlithe poiblí seo críochnaithe go luath i 2001.

Cé nach féidir a rá go beacht ag an bpointe seo bheadh súil agam go mbeadh tuarascáil an choimisiúin ar fáil roimh dheireadh 2001. Ba che ist don Rialtas ina dhiaidh sin an Tuarascáil a fhoilsiú.

Tuigim nuair a cuireadh an Coimisiún ar bun go raibh sé ar intinn ag an Aire Stáit tuarascáil a chur ar fáil taobh istigh de bhliain, muna bhfuil dul amú orm. Sílim go bhfuil moltaí tábhachtacha níos tábhachtaí ná cén uair a chuirfear an tuairisc ar fáil.

Nuair a chuirfidh an Coimisiún na moltaí agus na pleananna ar fáil sa tuairisc, cad iad na geallúintí a thig leis an Aire Stáit a thabhairt don Dáil go gcuirfear an tuairisc i bhfeidm? Tá go leor tuairiscí agus pleananna againn don Ghaeilge ó Bhord na Gaeilge. ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ó Chonradh na Gaeilge agus ó gach eagraíocht Ghaeilge. Tá go leor pleananna ar fáil nach cuireadh i bhfeidhm. Cad iad na geallúintí go dtig leis an Aire Stáit a thabhairt dúinn go gcuirfear na pleananna i bhfeidhm?

Tá ceist an-tábhachtach curtha ag an Teachta. Thiocfainn leis go mór. Ní haon mhaith tuarascáil a chur ar fáil mura bhfuil seans an-mhaith ann go gcuirfear i bhfeidhm é. Ar an dtaobh eile den scéal, níl aon chóras faoin Stát faoi gur féidir aon gheallúint a thabhairt go gcuirfear rud ar bith i bhfeidhm nach bhfuil eolas ag daoine air fós. Tá mise sásta go gcuirfear i bhfeidhm é. Seachas Coimisiún a bheadh bunaithe ag an Aire is Coimisiún é seo atá bunaithe ag an Rialtas agus is chuige sin a thóg mé cúpla mí breise ag tús na bliana ag cur an mholadh seo faoi bhráid an Rialtais le dearbhú an Rialtais a fháil le go mbeadh seasamh an-ard ag an gCoimisiún seo seachas thar mar a bheadh ag tuarascáil a chuirfeadh Aire fios air.

Is ar an gcaoi sin go mbeidh an tuarascáil seo á leagadh faoi bhráid an Rialtais.

Tá fhios agam go bhfuil an-obair ar bun. Tá sé beagán níos faide ná mar a shíl muid ach tá fhios ag chuile dhuine sa Ghaeltacht an méid oibre agus an méid dua atá á chaitheamh leis seo, an spéis atá ag an bpobal ann agus an tábhachtach a bhaineann, mar shampla, leis na haighneachtaí agus na cruinnithe poiblí. Ta súil agam gur féidir linn dul chun cinn scioptha a dhéanamh agus cinnte dearfa an rún a bhí agamsa ó thús go deireadh ná go mbeadh an tuarascáil foilsithe go maith in am don Rialtas seo le cinneadh a dhéanamh air agus le tosú a bheith déanta ar é a fheidhmiú. Ní féidir liom dul níos faide ná sin inniu ceal tuarascáil a bheith ar fáil.

Mar a dúirt an tAire Stáit, tá moltaí go leor curtha ar aghaidh don Choimisiún go dtí seo sna haighneachtaí a déanadh. Ó tharla nach bhfuil fhios againn go fóill cén uair a bheidh an tuairisc á chur i bhfeidhm an bhféadfaí tuairisc idirlíne nó idir ama, interim report, a chur ar fáil faoi na moltaí fiúntacha seo? Tá géarchéim ó thaobh na Gaeilge de sa Ghaeltacht i láthair na huaire. An bhféadfadh an tAire Stáit iarraidh ar an gCoimisún an tuairisc idirlíne seo a chur ar fáil go bhfeicfimid na tuairimí a bheidh ann agus b'fhéidir, iarracht a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm láithreach?

An bhfuil an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar na ceantair imeallaithe Gaeltachta, ceantair atá díreach taobh amuigh den Ghaeltacht ach go bhfuil an Ghaeilge ann? An féidir pacáiste de chineál éigin do na ceantair sin a chur le chéile chun iad a thabhairt isteach sa Ghaeltacht, chun an Ghaeltacht a láidriú, a dhaingniú agus a dhéanamh níos téagartha?

Maidir leis an chéad cheist, cinnte déanfaidh mé machnamh ar an cheist sin agus arís beidh an cinneadh a dhéanfaidh mé bunaithe ar an leas is fearr ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de go fad téarmach chomh fada agus a fheictear domsa é.

Mar is eol don Teachta, chuir mé scéimeanna áirithe i bhfeidhm cheana féin, mar shampla, scéim na gcúntóirí teanga, gan aon tuarascáil mar shíl mé gur ghá brú ar aghaidh leo sin agus nach bhféadfadh éinne a rá nach rud tairbheach a bheadh ann. Is féidir iad a mhúnlú agus a mhéadú má mholann an tuarascáil é sin a dhéanamh.

Maidir le teorannacha na Gaeltachta, tá ceist an-mhaith ardaithe ag an Teachta. Feictear domsa, áfach, go bhfuil an contúirt ann gurb é an rud a tharlódh sa deireadh ná an Ghaeltacht a chúngú agus a bhriseadh ar an mbealach sin. Mar sin, feictear domsa go bhfuil sé tábhachtach go mbreathnódh an Coimisiún ar an cheist seo faoi theorannacha na Gaeltachta ar chuile bhealach agus ar bhealach chomh scaoilte agus chomh hoscailte agus is féidir agus go mbreathnóidís go leathan ar na himpleachtaí teanga a bheadh ann le polasaithe éagsúla. Tá sé mar cheann de na critéir go gcaithfidh siad moltaí a dhéanamh maidir leis na ceantair Ghaeltachta ag tógáil mar shampla san áireamh ceantair nádúrtha scoile. Is cuid an-tábhachtach de obair an Choimisiúin na moltaí faoi theorainneacha na Gaeltachta.

Barr
Roinn