Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Written Answers. - Oileáin Mara.

Dinny McGinley

Ceist:

28 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice ar oileán Thoraí. [29908/00]

Ar iarratas uaimse, tá Údarás na Gaeltachta faoi láthair i mbun oibre ar dhearadh agus pleanáil aerstráice d'Oileán Thoraí. Tuigim ón Údaras go bhfuil i gceist acu iarratas ar chead pleanála don aerstráice a dhéanamh ach ráiteas thionchar timpeallachta a bheith curtha i gcríoch acu roimhré. Chuir mé in iúl don Teachta i mo fhreagra ar Cheist Uimhir 195 den 10ú Deireadh Fómhair 2000 go raibh an obair ar an ráiteas sin tosaithe cheana féin agus rabhthas ag súil go mbeadh sé críochnaithe faoi cheann ocht seachtainí. Tá curtha in iúl dom anois ag Údarás na Gaeltachta go mba éigean don chomhlacht a cheapadh chun an staidéar a chur i gcríoch tarraingt amach as an gconradh a bhí acu leis an Údarás agus gur chuir sé seo moill ar an bpróiseas dá bharr. Tuigim, áfach, go bhfuil i gceist ag an Údarás anois comhairleoirí nua a cheapadh don obair roimh deireadh na bliana. Ceaptar go dtógfaidh sé thart ar dhá mhí le haghaidh an ráiteas seo a chur i gcríoch nuair a bheidh i gceist ag an Údarás iarratas ar chead pleanála i leith an aerstráice a dhéanamh chuig Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Neamhspleách ón obair sin, tá cinneadh déanta agam go ndéanfaí staidéar cuimsitheach ar cheist na n-aerstráicí oileánda ionas go gcuirfí ar an eolas mé faoin mbealach ab fhearr le tabhairt faoin obair chun seirbhísí aeir a sholáthar go dtí na h-oileáin amach ón gcósta. Tá an staidéar seo fógraithe ag mo Roinnse sna meáin náisiúnta agus is é an sprioc dáta do thairiscintí ná an Aoine 12ú Eanáir 2001.

Barr
Roinn