Joe Higgins
Ceist:205 D'fhiafraigh Mr. Higgins (Dublin West) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí sásta maoiniú a dhéanamh ar obair dheisithe ar an gcé sa Bhlascaod Mór. [3111/01]
Vol. 529 No. 4
205 D'fhiafraigh Mr. Higgins (Dublin West) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí sásta maoiniú a dhéanamh ar obair dheisithe ar an gcé sa Bhlascaod Mór. [3111/01]
206 D'fhiafraigh Mr. Higgins (Dublin West) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean atá aici maidir le caomhnú an Bhlascoid Mhóir mar ionad oidhreachta. [3112/01]
Tógfaidh mé Ceisteanna Dála 205 agus 206 le chéile.
Mar is eol don Teachta treascraíodh an tAcht um Pháirc Náisiúnta Stairiúil an Bhlascaoid Mhóir, 1989 ina iomláine ag an Ardchúirt agus ag an gCúirt Uachtarach mar thoradh ar dhúshlán bunreachtúil.