Ní miste a rá i dtosach gur cheadaigh mo Roinn deontas £32,000 i 1998 do Chomhairle Contae Dhún na nGall mar chabhair chun crann tógála a chur ar fáil ag Céibh a'Phoirt. Tá an deontas sin íochta anois agus tuigim go bhfuil an crann tógála ag feidhmiú.
Maidir leis an gcrann tochrais, cheadaigh mo Roinn deontas £8,500 i 1998 don Chomhairle Contae mar chabhair chun crann tochrais a chur ar fáil ag Céibh Rannach. Tá an deontas sin íochta chomh maith. Tuigim go bhfuil an crann tochrais tugtha go dtí an oileán ach de bharr easaontas áitiúil nár éirígh leis an gComhairle Contae é a chur ar an suíomh a bhí roghnaithe dó go fóill. Tuigim, áfach, go bhfuil iarrachtaí ar siúl faoi láthair le réiteach sásúil a fháil ar an bhfadbh seo.