Michael D. Higgins
Ceist:79 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó teach a tógadh sa Ghaeltacht i rith 2000; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10715/01]
Vol. 534 No. 4
79 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó teach a tógadh sa Ghaeltacht i rith 2000; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10715/01]
Ní choinnítear statisticí i mo Roinn ach i leith tithe a thógtar sa Ghaeltacht le cabhair deontais ó mo Roinnse agus mar sin níl an t-eolas mar atá iarrtha ag an Teachta ar fáil i mo Roinn.
Tá leis seo eolas faoi líon na dtithe a críochnaíodh i gcás na nGaeltachtaí éagsúla i 2000 le cabhair deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).
Gaeltacht |
Líon Críochnaithe |
Dún na nGall |
28 |
Maigh Eo |
8 |
Gaillimh |
58 |
Ciarraí |
12 |
Corcaigh |
9 |
Pórt Láirge |
4 |
Mí |
2 |
Iomlán |
121 |