Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Dec 2001

Vol. 546 No. 4

Written Answers. - Polasaí ar an nGaeilge.

Derek McDowell

Ceist:

45 D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é go díreach polasaí an Rialtais mar gheall ar an nGaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31824/01]

Tá polasaí dearfach an Rialtais maidir leis an nGaeilge sna Gaeltachtaí agus sa tír i gcoitinne leagtha amach i gClár Oibre an Rialtais don Mhílaois nua agus arís i gClár Oibre Athbhreithnithe an Rialtais a foillsíodh níos luaithe sa bhliain.

Tá an polasaí léirithe sin le feiceáil trí chaiteachas a bhí os cionn £73 milliún – 92 milliún – sa bhliain 2000, ar chláir agus scéimeanna na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, ar mhaithe na bunaidhmeanna chun an titim ar úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a chasadh timpeall agus úsáid na Gaeilge a spreagadh in áiteanna eile sa tír.

Tionscnamh polasaithe an-tábhachtach ó thaobh cearta teanga an tsaoránaigh agus maidir le feabhas a chur ar an bhfail ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre ná gur ghlac an Rialtas leis an Scéim Ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla i Meitheamh 2001. Tá an obair dhréachtaithe idir lámha ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas agus táthar ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille go luath san athbhliain.

Tionscnamh tábhachtach eile ó thaobh na Gaeltachta de ná gur bhunaigh an Rialtas ‘An Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht' i mí Aibreáin 2000 chun moltaí a dhéanamh maidir le láidriú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Táthar ag súil leis an tuarascáil sin go han-luath san athbhliain.

Barr
Roinn