Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Nov 2002

Vol. 556 No. 3

Adjournment Debate. - Job Losses.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt duit as ucht deis a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a thógáil ar Dhíospóireacht an Athló tráthnóna. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire é féin i láthair chun éisteacht lena bhfuil le rá agam agus, tá súil agam, chun freagraí a thabhairt a mbeidh suim ag muintir na Gaeltachta iontu.

Tá an eastát tionscail i nGaoth Dobhair ar bun le 30 bliain agus is ceann de na seoda is lonraí é i gcoróin Údarás na Gaeltachta. Bhíomar uilig bródúil as an eastát sin agus as na postanna a bhí ann. Bhí beagnach 1,500 duine ag obair ar an eastát nuair a bhí sé i mbarr a réime ach, ar an drochuair, tá rudaí ag dul chun donais le cúpla bliain anuas. Dé hAoine seo caite, nuair a bhí féile mhór an Oireachtais ar siúl i nGaoth Dobhair agus an tAire é féin ansin, tháinig scéala eile ó Sioen Ireland, nó Gairméidí Caomhnaithe mar a thugaimid air i dTír Chonaill, go raibh an mhonarcha sin ag cailleadh 50 post. Ní rud úr é seo mar le gach mí le bliain anuas bhí fógra den chineál sin ag teacht ó mhonarcha éigin ar an eastát i nGaoth Dóbhair.

Dhá bhliain ó shin bhí 1,500 ag obair ar an eastát agus le dhá bhliain anuas tá idir 450 agus 500 post caillte ann. Is uafásach an uimhir í sin i gceantar Gaeltachta in iar-dheisceart Dhún na nGall. Lena chois sin tá idir 350 agus 400 duine i monarchana eile atá ar sheachtain ghiorraithe dhá nó trí lá. Tá na daoine sin íontach amhrasach cad é atá i ndán dóibh ins na blianta atá amach rom hainn. Tá tionscal atá ann le 30 bliain a bhfuil beagnach 200 duine ag obair ann agus atá ar sheachtain ghiorraithe.

Ní haon áibhéil nó bréag a rá go bhfuil géarchéim dí-fhostaíochta sa cheantar agus chomh fada is a bhaineann sé leis an eastát tionscail i nGaoth Dobhair ach go háirithe. Tá an eastát tar éis titim anuas go timpeall 900 ó 1,400.

Níl sé sin ag tarlú i nGaoth Dóbhair amháin ach ar an Fhál Carrach i bparóiste Chloch Cheann Fhaoile chomh maith. Bhí 150 ag obair cúpla bliain ó shin ach d'imigh an comhlucht agus níl ach scór nó dhó fostaithe sa chomhlucht a tháinig isteach ann. Tá réamh-mhonarcha i nGort an Choirce le 20 bliain gan oiread agus post amháin istigh ann. Ar na Rosann tá Aramara Teoranta agus i gCroithlí tá Nuvotem Teoranta ar sheachtain ghiorraithe trí lá.

Tá fadhb mhór dí-fhostaíochta sa cheantar agus ba mhaith liom go ndíreodh an tAire agus an t-údarás a n-aire ar an fhadhb seo. Caithfear rud éigin a dhéanamh láithreach mar tá éadóchas mór i measc an phobail.

Bhí an tAire é féin sa cheantar ag an deireadh seachtaine agus chonaic sé spiorad na ndaoine. Tá an teanga agus an cultúr láidir ach muna gcuirtear fostaíocht ar fáil cad é an mhaitheas é sin mar ní fhanfaidh na daoine ins an bhaile.

Caithfidh an t-údarás gach dícheall monarcha nó tionscail nua-aimseartha agus nua-theicneolaíochta a mhealladh isteach go dtí an cheantar Gaeltachta sin. Tá daoine óga ansin a bhfuil scileanna acu a d'fhoghlaim siad ins na coláistí teicneolaíochta i Leitir Ceanainn agus i Sligeach ach tá siad ag fágail an chondae agus ag fágáil na Gaeltachta. Bíonn scaifte mhór againn ag an deireadh seachtaine ach oíche Dhomhnaigh bíonn orthu an Ghaeltachta a fhágáil agus dul go háiteanna eile fán tír.

Caithfidh an t-údarás beart cinnte a dhéanamh le postanna úra a mhealladh isteach sa cheantar, na postanna atá ansin a chosaint agus a chaomhnú agus aire ar leith a thabhairt do na daoine atá ag cailleadh a gcuid postanna agus an Nollaig buailte linn. Tá daoine ann atá os cionn teaghlaigh, gan teacht isteach eile acu agus a bhfuil morgáistí agus freagrachtaí oideachais a dteaghlaigh acu. Cad é atá i ndán do na daoine sin muna féidir linn postanna úra a chur in áit na bpostanna atá caillte le dhá bhliain anuas.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Mac Fhionnlaoich as ucht deis a thabhairt dom labhairt ar an ábhar seo.

Ba bhuille mór é an scéal a fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh 50 duine á ligint chun siúil i mhonarcha ar eastát tionscail Ghaoth Dobhair ag Gairméidí Chaomhnaite (Dún na nGall) Teoranta, nó Sioen Ireland mar a tugtar air.

Ceadaíodh cúnamh don chéad uair don chomhlacht seo breis is 20 bliain ó shin agus tá fostaíocht curtha ar fáil aige go leanúnach ó shin. Ar feadh tamaill freisin bhí an comhlacht ag feidhmiú ar eastát an Fhál Carraigh.

Tuigim go raibh an comhlacht ag obair ar am gairid, trí lá sa tseachtain, le mí anuas agus go bhfuil an fhostaíocht á laghdú go tuairim is 35, nó mar sin de, anois. Nuair a chuimhnítear go raibh os cionn 100 duine fostaithe ag an gcomhlacht seo i nGaeltacht Thír Chonaill tamall ó shin, tuigimid chomh mór is atá an díomá ar laghdú seo i líon na bhfostaithe.

Is cuid é Gairméidí Caomhnaithe (Dún na nGall) Teoranta den Ghrúpa Sioen, an príomhtháirgeoir Eorpach do ghairméidí caomhnaithe, nó cosanta, do lucht oibre. Macasamhail tionscail éadaí eile, tá brú mór san earnáil seo le blianta beaga anuas ó thíortha ísealchostais.

Tá súil ag an gcomhlacht tabhairt faoin dúshlán idirnáisiúnta anois ar bhonn an athstruchtúraithe atá déanta aige le gairid ar a ghnó i nGaoth Dobhair. Beidh an comhlacht ag díriú ar tháirgí dúchasacha a fhorbairt sa mhonarcha sin, go háirithe casóga tarrthála agus réimse buataisí iascaireachta, chomh maith le dáileadh ilréimse gairméidí Ghrúpa Sioen in Éirinn.

Tagaim go hiomlán leis an Teachta go bhfuil ceantar Ghaoth Dobhair buailte go dona le gairid, gan dearmad a dhéanamh ar dhúnadh chomhlacht Nuvotem i gCroithlí. Is glan-laghdú é seo de thuairim is 300 le cúpla bliain anuas, in ainneoin breis agus 100 post nua a bheith cruthaithe sa tréimhse sin. Chomh maith leis sin tá breis is 300 de na fostaithe ar an eastát ar sheachtain oibre ghearr. Is údar imní agus buartha é seo don údarás agus pléadh na fadhbanna seo ag a chruinniú i nGaoth Dobhair Dé hAoine seo caite. Deimhníodh go ndéanfaí gach dícheall ar fhostaíocht eile atá fós ann a chaomhnú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú.

Bhunaigh an t-iar Aire Stáit, Máire Ní Chochláin, grúpa oibre idir-áisínteacht roinnt mí ó shin. Is d'fhonn na polasaithe atá riachtanach chun deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht a scrúdú a bunaíodh an grúpa oibre sin.

Seo an t-aon bhealach atá ag an Stát le díriú ar na fadhbanna seo. Ag deireadh an lae caithfear rud éigin a dhéanamh faoi agus nuair a bhéas tuarascáil an ghrúpa oibre faighte agam creidim go mbeidh beartas molta ansin a thabharfaidh deis dúinn troid ar ais agus rud éigin a dhéanamh leis an dochar atá déanta don nGaeltacht an-láidir seo a mhaolú.

Ag éirí as moltaí an ghrúpa oibre agus ag cur leis na tosaíochtaí atá glactha ag an údarás cheana féin tá me dóchasach go mbeifear in ann deiseanna fiúntacha a chur ar fáil. Beifear ag díriú ar réimsí nua-aimseartha fostaíochta le béim níos mó ar ardscileanna agus ar acmhainní dúchasa na Gaeltachta, an Ghaeilge san áireamh, agus beimid ag béimiú go mór ar an nGaeilge.

Tá dul chun cinn maith déanta le tamall maidir le tograí nua a aimsiú do cheantar Ghaoth Dobhair. Cé go bhfuil sé ró-luath sonraí a thabhairt tá súil agam go mbeidh cúpla gnó nua á mbunú ann go luath, bunaithe ar chúnamh atá ceadaithe ag an údarás dóibh le roinnt míonna anuas.

Is údar mór imní dúinn ar fad an lagtrá seo atá le sonrú i gcursaí fostaíochta i dTír Chonail ach go háirithe agus go deimhin féin sa Ghaeltacht i gcoitinne. Tá sé i gceist agam athraithe suntasachta a dhéanamh ar struchtúr eagrais éagsúla atá faoi scáth mo Roinne, Údarás na Gaeltachta ina measc, le cinntiú go bhfuil luach ceart á fháil ag an bpobal as an infheistíocht Stáit atá á cur ar fáil agus le déanamh cinnte go bhfuil na beartais atá ar bun ag na heagraíochtaí seo in oiriúint do shaol an lae inniu mar tuigim go bhfuil brú ar na sean-tionscail agus go bhfuil cineál nua tionscalaíochta ag teastáil.

Bhí cruinniú agam cheana le bord an údaráis leis an gceist seo a phlé agus beidh sé ar chlár oibre an choiste comhairle atá bunaithe agam chomh maith.

Tá súil agam, in ionad luí siar ar na maidí, go mbeimid in ann rud éigin fiúntach a dhéanamh bunaithe ar an tasc fórsa a bhunaigh an t-iar Aire go mbeimid in ann beartas fiúntach a dhéanamh do cheantar Ghaoth Dobhair.

Barr
Roinn