Faoi mar is eol don Teachta, is é an socrú riaracháin a bhí i bhfeidhm ó 1988 i leith ná go raibh ar na mná tí ráiteas bunaithe ar 10% den oll-theacht isteach ó bheith ag coinneáil foghlaimeoirí Gaeilge a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le cáin ioncaim de. Tuigim go rabhthas ag glacadh leis gur bhain an fuílleach 90% go huile is go hiomlán le costais riachtanacha a bhí le seasamh ag na mná tí. Tuigim freisin, d'ainneoin go ndearna na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh i 2002 nach raibh na socruithe seo oiriúnach a thuilleadh don todhchaí, gur shocraigh said gan aon athrú a dhéanamh do 2003.
Tá tuiscint an-mhaith agam ar an imní atá ar mhná tí agus na coláistí Gaeilge samhraidh faoin athrú atá á bheartú ó 2004 ar aghaidh ar an gcóras cánach a bhaineann le teacht isteach na mná tí a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas. Go deimhin, bhí cruinniú agam le CONCOS – eagraíocht náisiúnta na gcoláistí Gaeilge – le déanaí faoin gceist.