Trevor Sargent
Ceist:670 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cén plean atá aige tréigeadh caoga bliain an Bhlascaoid Mhóir a thabhairt chun cuimhne. [24041/03]
Vol. 573 No. 3
670 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cén plean atá aige tréigeadh caoga bliain an Bhlascaoid Mhóir a thabhairt chun cuimhne. [24041/03]
Cuireadh réimse imeachtaí ar bun sa bhliain 2003 in Ionad an Bhlascaoid agus ba é an príomh cheann acu sin, Ceiliúradh an Bhlascaoid, a bhí ar bun in Ionad an Bhlascaoid idir 10-12 Deireadh Fómhair faoin dtéama, Tréigean an Oileáin. Mar chuid den gcomóradh sin bhí léachtaí, scannán, taispeántais agus imeachtaí sóisialta. D'fhreastail slua mór ar an gceiliúradh. Cuirfear críoch leis na himeachtaí comórtha le ceolchoirm san Ionad ar an 17 Samhain. Seolfaidh RTE dlúthchéirnín agus leabhrán ar an lá sin chun tréigean an Bhlascaoid a chomóradh.