Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Nov 2003

Vol. 575 No. 3

Written Answers. - Riachtanais Oideachasúil Speisialta.

Pádraic McCormack

Ceist:

189 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a mbeidh cúntóir ranga curtha ar fáil i Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Muighros, Carna, Conamara, Contae na Gaillimhe ar mhaithe le cúrsaí sláinte chun go mbeadh beirt daoine fásta sa scoil i gconaí agus de bharr go bhfuil cailín amháin sa scoil, bheadh sé tabhachtach ó thaobh forbartha sóisialta dhe go mbeadh bean ar fáil dhi sa scoil. [28209/03]

Níl taifid i mo Roinn go bhfuarthas iarratas ar chúntóir riachtanas speisialta ó Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Muighros, Carna, Conamara, Contae na Gaillimhe.

I gcoitinne, cuirtear cúntóir riachtanas speisialta ar fáil chun soláthar a dhéanamh do riachtanais shainchúraim daltaí le riachtanas oideachasúil speisialta atá measta, faoi mar a leagadh amach in imlitir mo Roinne – Oid. Speis. 07/02.

Question No. 190 answered with Question No. 178.

Barr
Roinn