Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Irish Language.

Brian O'Shea

Ceist:

70 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén staidéar atá déanta aige ar na figiúirí i ndaonáireamh 2002 mar gheall ar úsáid na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [28572/03]

Dírím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 80 den 25 Meitheamh 2003 agus Uimh. 527 den 7 Deireadh Fómhair 2003.

Faoi mar a chuir mé in iúl cheana, is léir ó fhigiúirí an Daonáirimh 2002 go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu. Is dúshlán dúinn go léir an ísliú atá tagtha ar líon na nGaeilgeoirí laethúla – lasmuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht – agus is tuar dóchais ag an am gcéanna an t-ardú ar líon na ndaoine a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.

Mar atá ráite agam, beidh sé mar aidhm lárnach agam, agus mé ag tabhairt faoi pholasaithe a fhorbairt amach anseo maidir le ról na teanga sa Stáit, spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid dóibh siúd a bhfuil deis acu Gaeilge a úsáid go laethúil. Chuige sin, ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí anois agus is é príomhchuspóir an Achta sin ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Tá freagraí tugtha agam sa Teach seo inniu ar cheisteanna eile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Question No. 71 answered with Question No. 39.

Barr
Roinn