An bhfuil aon bharúil ag Siún Ní Raghallaigh maidir leis an méid airgid a theastódh le TG4 le seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil? Déanann TG4 éacht ar bheagán airgid. Má bhreathnaíonn muid ar an méid airgid atá ar fáil do RTE i gcomparaíd le TG4 - d'iarr mé ar na figiúrí, ach níor tugadh dom iad - is léir go gcuireann TG4 i bhfad níos mó stuif amach i mionteanga ar bhonn an t-airgead a fhaigheann siad ná mar a chuireann RTE. Tá mé ag caint faoi stuif nuálaíoch nach bhfuil á cheannach isteach. Má ghlacann muid leis go bhfuil thart ar €200 milliún sa sparán, idir cistíocht Stáit agus an ceadúnas, cé mhéad de sin a cheapann Siún Ní Raghallaigh gur cheart bheith ar fáil do sheirbhísí teilifíse trí phríomhtheanga oifigiúil an Stáit? An cheapann sí go bhfuil éagothromas idir an méid a chaitear ar theilifís náisiúnta trí Bhéarla agus trí Ghaeilge?
Tá ceist ardaithe le gairid laidir leis an gclár nua tacaíochta teaghlaigh atá bunaithe sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mé ag obair ar an scéim nua sular fhág mé an Roinn, bhí mé den tuairim go raibh gá leis chun an Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is sampla maith í Siún Ní Raghallaigh don rud atá ag tarlú. Tá níos mó agus níos mó daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ag tógáint gasúir le Gaeilge. Creidim go bhfuil an cur chuige ceart ag an Roinn, ach amháin go bhfuil sé i bhfad ró-theoranta. Ba cheart dúinn bheith ag díriú ar ghasúir roimh aois scoile, nuair a thosaíonn siad ag foghlaim teanga. Úsáideann said a chéad fhocail nuair atá siad bliain nó bliain go leith d'aois. Is uaidh sin a fhoghlaimíonn siad tuiscint agus labhairt na teangan.
Baineann fadhb eile, maidir le cúrsaí úsáid na Gaeilge i measc Gaeilgeoirí óga, leis an méid a tharlaíonn nuair atá siad ina ndéagóirí. An bhfuil aon phleananna ag TG4 cur lena craolacháin Gaeilge atá dírithe ar ghasúir agus ar dhéagóirí? An bhfuil sé i gceist ag Siún Ní Raghallaigh aon phlé a bheith aici leis an Roinn ionas go mbeidh an Roinn agus TG4 in ann comhoibriú lena chéile i dtaobh an fhís atá ag an dá eagraíocht? Is í an fhís sin ná go mbeidh an Ghaeilge á labhairt ag aos óg na tíre seo agus go dtiocfaidh sí ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Is é sin an dúshlán is mó atá leagtha roimh an Stáit sa straitéis 20 bliain. Ní cheart go dtosnóidh muid ag múineadh na Gaeilge sna scoileanna amháin - ba cheart go rachfaimid ar aghaidh ó ghlúin go glúin. An bhfuil sé i gceist ag Siún Ní Raghallaigh plé a dhéanamh leis an Roinn maidir le conas ar féidir an dá rud sin a oibriú le chéile?
Tá an-spéis agam sa mhéid a dúirt Siún Ní Raghallaigh maidir le TG4 a bheith ar fáil ar fud na cruinne. Ní thuigim go teicniúil cad a bhí i gceist aici nuair a labhair sí faoi "2.8 million programme streams". B'fhéidir gur féidir léi míniú a thabhairt dúinn ar sin. Nuair a fhaigheann muid na TAM ratings, nó pé rud a ghlaotar orthu anois, deirtear go mbíonn 3% nó 5% de dhaoine ag breathnú ar TG4. An bhfuil barúil ar bith ag Siún Ní Raghallaigh ar cé mhéad duine atá ag breathnú ar TG4 ar fud na cruinne? Tuigim go bhfuil éisteacht an-mhór ag Raidió na Gaeltachta ar fud an domhain. An bhfuil TG4 ar fáil ar an Idirlíon ar fud na cruinne? Cé chomh héasca atá sé TG4 a fháil ar an Idirlíon? Cé mhéad duine a bhreathnaíonn air? Creidim go mbaineann fíor-thábhacht le sin. Nuair a bhí mé i gCambridge an tseachtain seo caite, bhuail mé le daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Tá siad ar fud an domhain. Tá sé an-tábhachtach freastal orthu.
Tá an córas Saorview luaite ag Siún Ní Raghallaigh. Tá sé tugtha chun solais dom nach mbeidh Saorview ar fáil i gcuid de na Gaeltachtaí. I dtuaisceart Chonamara, thart ar an Mhám agus ar an gCloch Bhreac, ní bheidh Saorview ar fáil agus ciallaíonn sin nach mbeidh TG4 ar fáil seachas ar satailít. Arís is údar díomá dom nach mbeidh cuid de na tarchuradóirí a bhíodh ann in úsáid mar tá sé tábhachtach go mbeadh Saorview ar fáil do chuile pobal agus ní thuigim cén fáth nach gcuirtear ar fáil an beagáinín beag breis airgid a theastódh le déanamh cinnte go bhféadfadh daoine ? teacht ar TG4.
Déanaim comhghairdeas le Siún Ní Raghallaigh. Is stáisiún iontach teilifíse é TG4, tá sé nuálach agus déanann sé freastal iontach ar an bpobal. Ar bhealach is eiseamláir é do RTÉ ó thaobh cé acu is féidir a bheith éifeachtach, cláir d'ard-chaighdeán a chur amach agus sin a dhéanamh ar bhuiséad an-bheag. Níor mhaith liom go ligfimid na maidí le sruth nó go gceapfaidh daoine go bhfuil a gcuid déanta ar son na Gaeilge agus gur féidir é a pháirceáil. Ba cheart dúinn a bheith ag forbairt i gcónaí. Tá a lán easnaimh fós ar chraoladh trí Ghaeilge. Níl mé ag cur milleán ar bith ar TG4 faoi seo, rinne an cathaoirleach deireanach agus tá Pól Ó Gallachóir agus a fhoireann ag déanamh éacht leis an airgead atá acu. Níl fós seirbhís chuimsitheach iomlán ar fáil trí Ghaeilge, go mór mór caithfimid breathnú ar dhaoine óga. Mura mbeidh aos óg na tíre ag labhairt na Gaeilge, ní bheidh aon fhorbairt ar an teanga.
Tá stair chomónta idir mé féin agus Siún Ní Raghallaigh, bhí an bheirt againn ann an oíche a bunaíodh TG4 agus bhí baint mhór agam féin le Ros na Rún anuas fríd na blianta agus le cláir eile. Is féidir liom a rá ar fhaitíos go dteastaíonn fianaise bhreise ón gcoiste, ón aithne a bhí agam uirthi san obair a rinne sí i TG4 agus na comhlachtaí lena raibh sí ag plé, tá ceapachán den scoth déanta ag an Aire sa chás seo. Tréaslaím léi as an gceapachán agus táim cinnte go ndéanfaidh sí sár-jab. Ní amháin sin, ach ag breathnú ar na baill eile atá roghnaithe do bhord TG4 ina cuideachta, tá daoine ansin atá ar ard-chumas a bheidh sár-mhaith. Tá ionchur an-dearfach le déanamh acu maidir le forbairt na seirbhíse, mar a bhí ó thús aimsire. Is cuimhin liom nuair a bhí TG4 le bunadh, bhí cuid mhaith de lucht na meán ag rá gur taibhse gan tairbhe a bheadh ann thiar i mBaile na hAbhann. Dúirt siad nach n-oibreodh sé agus gur cur amú airgid ar fad a bhí ann. Taobh istigh de bhlianta beaga, tá sin athraithe ó bhun. Tá an dearcadh ann go bhfuil TG4 ag cur scoth na seirbhíse ar fáil ar bhuiséad i bhfad níos lú ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí. Tréaslaím leis an mbord agus le foireann TG4, ó Phól Ó Gallachóir anuas. Tá sé fíor-thábhachtach an méid sin a aithint ar dtús.
Ceann de na ceisteanna a bheidh ann ag dul chun cinn ná cén ról a bheidh ag TG4. Tá na meáin ag athrú agus tá an bealach atáimid ag santú nuachta agus cúrsaí reatha ag athrú. Tá ceist sa phobal maidir leis an chomhoibriú idir Raidió na Gaeltachta agus TG4/RTÉ maidir le cúrsaí nuachta agus soláthar nuachta. Níl a fhios agam an bhfuil aon tuairimí ag Siún ina leith sin.
Rud eile gur fiú a rá maidir le TG4 a bhí aige ó thús aimsire agus bheadh súil agam go leanfadh eagrais Stáit eile leis ná nach bhfaca an stáisiún aon teorainn ó thaobh na Sé Chontae de, gur foras Thuaidh-Theas a bhí ann chomh fada agus a b'fhéidir go teicniúil. Sáraíodh fadhbanna teicniúla a bhí ann agus fadhbanna ceadúnais. Tá an comhoibriú sin iontach tábhachtach agus tairbheach mar gheall ar an tacaíocht ón gciste craoltóireachta ó Thuaidh. Cad é tuairim an chathaoirligh nua maidir le forbairt na hearnála sin? Tuigim go raibh cuid mhaith obair le déanamh chun daoine a oiliúint agus iad a thabhairt chun cinn sa dá dhlínse.
Tá cláir cheannródaíocha déanta ag TG4 le fada an lá. Seasann díospóireacht na gceannairí amach san olltoghchán deireanach. Bhí mé féin i láthair agus bhí sí iontach spéisiúil mar dhíospóireacht. Bhí sí ar cheann de na díospóireachtaí is fearr a bhí ann le linn fheachtas na huachtaránachta. Tá cláir iontacha ann - cuid de na cláir spóirt, go háirithe cluichí peile na mban, Ros na Rún, an tseirbhís nuachta, cúrsaí reatha, cláir do dhaoine óga agus cláir fhaisnéise agus ealaíon. Tá niche faoi leith aimsithe ag TG4 sna réimsí éagsúla sin. Cá bhfeiceann an cathaoirleach forbairt le teacht sna blianta romhainn, ag tógáil ar an méid atá ann cheana, a fuair gradaim chumarsáide agus gradaim cheoil? An bhfuil fís d'áiteanna eile gur féidir forbairtí a dhéanamh?
Thagair mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Cuív, don tábhacht eacnamaíoch a bhaineann lena leithéid TG4. Tá sé féaráilte a rá dá mbeadh ceannáras TG4 i mBaile Átha Cliath nach ndéanfaí an oiread suntais dó ó thaobh eacnamaíochta de. Cionn is go bhfuil sé in áit ar nós Bhaile na hAbhann, tá impleachtaí ollmhóra aige d'eacnamaíocht an cheantair sin. An bhfuil forbairt ag teacht air sin sna blianta amach romhainn, cé go bhfuil cúinsí eacnamaíochta sách-teann?
Bhí díospóireacht ann i riamh maidir le bheith ag soláthar clár tríd an Ghaeilge nó ag déanamh clár trí mheán na Gaeilge. An difríocht atá ann ná go bhféadfadh comhlacht coimisiún a fháil sraith clár a dhéanamh agus go mbeadh an láithreoir in ann an cur i láthair a dhéanamh as Gaeilge. I ndáiríre tá an obair ar chúl na mbrat á déanamh trí Bhéarla. Tá feabhas mór tagtha air sin mar go bhfuil go leor daoine óga traenáilte agus tagtha aníos fríd an earnáil. Cá rachaidh sin? Bhí borradh mór le comhlachtaí Gaeltachta a bhí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus d'imigh go leor acu. Níl fágtha anois ach cúpla comhlacht mór ag soláthar clár. Cuid mhaith acu is féidir a rá atá á dhéanamh trí mheán na Gaeilge go hiomlán. cé go bhfuil sin beag go leor. An bhfuil aon tuairim ann faoi sin?
Tá sé suntasach feiceáil ó tháinig TG4 ar an aer gur tháinig seirbhís eile frí mheán na Gàidhlige in Alban, BBC Alba. Tá an-obair go deo déanta acu ansin. Tá siad in ann soláthar ar fad trí mheán na Gàidhlige. Beithíoch eile ar fad an BBC, agus i bhfad níos mó acmhainní ann. An bhfuil fís ann maidir le dul sa treo sin, go mbeadh níos mó na trí uaire an chloig in aghaidh an lae á gcraoladh trí mheán na Gaeilge ar TG4? An ceist acmhainní amháin í sin?
Molaim an solúbthacht, an chruthaíocht, an nuálaíocht, an neamhspleáchas ó thaobh cúrsaí eagarthóireachta, rudaí an-tábhachtacha a bhí ag baint le TG4 i riamh. Sheas an stáisiún a fhód féin ó thaobh nuachta agus cúrsaí reatha. Bhí fuinneamh i gcónaí sna cláir.
Tréaslaím leis an chathaoirleach nua as an cheapachán. Is ceapachán maith é, mar atá ceapachán an bhoird go hiomlán. Táim cinnte go ndéanfaidh gach duine sár-jab ach beidh sé spéisiúil tuairimí an chathaoirligh nua a fháil faoi na príomhriachtanais a d'fheicfeadh sí ó thaobh forbartha agus oiliúna de maidir le TG4 ag bogadh chun cinn.