Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 23 Nov 2023

Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Tá an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar Mheastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023. Táimid ag díriú ar chlár C de Vóta 33 - An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, a bhaineann leis an nGaeltacht agus lena n-áirítear buiséad TG4. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 12.30 p.m., más gá. Tá súil agam nach mbeadh gá mar tá mise in ainm a bheith áit éigin eile faoin am sin.

Cuirimid fáilte roimh an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Dála Catherine Martin, agus roimh an Aire Stáit a bhfuil freagracht aige as an nGaeltacht agus Oifig na nOibreacha Poiblí, an Teachta Dála Patrick O'Donovan, chomh maith le hoifigí na Roinne: Katherine Licken, Ard-Rúnaí; Dr. Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge; Joe Healy, rúnaí cúnta; Tríona Quill, rúnaí cúnta; agus Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach. Is comhaltaí ex officio den roghchoiste iad na hAirí. Mar sin, cuirim san áireamh iad mar chuid den chóram agus ar an liosta vótála. Tá na Teachtaí Aindrias Moynihan agus Fergus O'Dowd ar líne, ag teacht isteach óna n-oifigí laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Seachas an bheirt sin, tá gach duine anseo i seomra coiste 4.

Táimid i seomra coiste 2.

An-mhaith. Tá duine éigin ina dhúiseacht. Cuirimid tús lenár mbreithniú ar Mheastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023. Iarrfaidh mé ar an Aire a ráiteas tosaigh a thabhairt dúinn. Ansin, beidh deis ag an Aire Stáit.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as ucht cuireadh a thabhairt dom a bheith i láthair os a gcomhair inniu le labhairt faoi TG4 agus an maoiniú breise atá á mholadh agam chun tacú lena obair i mbliana.

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach domsa, go pearsanta agus mar Aire Gaeltachta agus meán araon. Tá ról tábhachtach ag earnáil na meán chun cuidiú le húsáid ár dteanga dúchasaí a chur chun cinn agus a chothú inár saol laethúil. Tá páirt lárnach ag TG4 ina leith seo agus tá cuid mhór déanta aige chun réimse an ábhair Ghaeilge atá ar fáil don phobal a mhéadú, idir spórt, dráma agus cláir faisnéise. Tá sé seo tábhachtach ní hamháin do chainteoirí dúchasacha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta agus go náisiúnta, ach dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhfoghlaim na Gaeilge agus atá ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú. Tá sé tábhachtach freisin gur féidir le daoine óga an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil ní hamháin ina mbaile nó ina seomraí ranga, ach ar na haerthonnta chomh maith. Dhá mhí ó shin, bhí seoladh rathúil ag Cúla 4, a chuireann ar chumas na nglún óige teagmháil a dhéanamh leis an nGaeilge tríd an meán closamhairc.

Cé go bhfuil de shainchúram ag TG4 craolacháin seirbhíse poiblí a chur ar fáil d’oileán na hÉireann, déanann sé i bhfad níos mó ná sin i ndáiríre. Tá tábhacht le leibhéil mhéadaithe ábhair Ghaeilge mar pháirt den straitéis níos leithne don Ghaeilge agus is infheisteoir suntasach é TG4 san earnáil léiriúcháin neamhspleách Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus i gceantair réigiúnacha ach go háirithe. Mar thoradh ar an maoiniú a chuireann mo Roinn ar fáil, is féidir le TG4 leanúint ar aghaidh lena infheistiú i gcoimisiúnú ábhair Ghaeilge a mhéadú. Leis an infheistíocht seo, cosnaítear agus forbraítear poist agus tacaítear le geilleagair áitiúla. Cruthaíonn sí deiseanna fostaíochta nua agus cuireann sí an deis ar fáil le haghaidh forbartha tallainne breise chomh maith lena bheith ag tacú leis an nGaeilge mar theanga bheo oibre, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Mar shampla, leis an gcomhar Cine4 idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, tacaítear le forbairt scannáin fhada Éireannacha a bhfuil caighdeáin léiriúcháin ard acu agus ar féidir leo rath náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta a bhaint amach. Tá scannáin cosúil le "Arracht", "An Cailín Ciúin", "Foscadh" agus "Róise agus Frank" ríthábhachtach chun úsáid na Gaeilge a mhéadú laistigh den Stát agus iad ag cur páirt lárnach dár gcultúr agus oidhreacht chun cinn go hidirnáisiúnta ag an am céanna.

Cuirtear bunchistiú ar fáil do TG4 trí fhotheideal E5 de Vóta mo Roinne. Nuair a rinneadh Aire dom in 2020, bhí maoiniú de €37.2 milliún ag TG4. An bhliain seo chugainn, beidh maoiniú de €57 milliún aige. Is méadú é sin de €19.8 milliún, píosa beag níos mó ná 53%. Daingníonn sé seo mo thiomantas féin agus tiomantas an Rialtais i leith tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus fás na Gaeilge trínár gcraoltóirí seirbhíse poiblí. Maidir leis an mbliain seo, b’ionann leithdháileadh TG4 agus €52.233 milliún. Bhí leithdháileadh i leith sheoladh Cúla4 san áireamh leis seo. Is cúis áthais dom go bhfuil mé ábalta maoiniú breise de €4 milliún a chur ar fáil do TG4 ó laistigh den leithdháileadh atá ar fáil ag mo Roinn.

Bainfidh TG4 úsáid as an maoiniú breise seo chun costais a chlúdach i leith réimse leathan ábhair bhreise, cosúil le méadú ar chlúdach spórt Éireannach agus mionlaigh; clúdach ar imeachtaí beo cosúil le Fleadh Cheoil, ionas gur féidir le muintir na hÉireann an mórimeacht cultúrtha seo a fheiceáil fiú murar féidir leo a bheith i láthair go pearsanta; tacaíocht don earnáil léiriúcháin neamhspleách; agus tallann Ghaeilge a choinneáil laistigh de réigiúin Ghaeltachta.

Léirítear le gach ní atá luaite agam an tábhacht a bhaineann le hinfheistiú i TG4 i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Tá mé ag súil le leanúint ar aghaidh ag cur leis an méid atá bainte amach ag TG4 ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le pobail labhartha na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na Teachtaí. Is allúntas de €2.7 milliún a cuireadh ar fáil i leith chlár caipitil C3 de chuid na Roinne, a bhfuil "scéimeanna tacaíochta Gaeltachta" air mar theideal, i gcáinaisnéis 2023, móide €500,000 tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe sin. Táthar ag breathnú ar shábháil de thart ar €600,000 san allúntas seo i mbliana. Tá sé i gceist é seo a úsáid chun leasa na teanga go fóill trí é a aistriú chuig TG4. Beidh an-bhrú ar an bhfomhír seo sa chúpla bliain amach romhainn agus Údarás na Gaeltachta ar tí cead pleanála a lorg d’fhorbairt an ionad oideachais agus óige nua in Indreabhán. Fuair oifigigh mo Roinne agus oifigigh an údaráis go leor tacaíochta ó na hionadaithe poiblí áitiúla i nGaillimh, a bhfuil roinnt acu sa seomra seo inniu, le beagnach trí bliana anuas ar mhaithe leis an togra seo a thabhairt chun cinn agus táimid sa Roinn fíorbhuíoch as an tacaíocht sin. Cé go bhfuil sábháil sa bhfomhír seo i mbliana, tá fianaise ann anois go bhfuil na coistí áitiúla Gaeltachta tosaithe ag pleanáil don todhchaí arís tar éis na paindéime agus go bhfeicfidh muid borradh ag teacht faoin éileamh ar an bhfomhír seo sna blianta amach romhainn.

Is allúntas de €3.5 milliún a cuireadh ar fáil i leith chlár caipitil C4 de chuid na Roinne, scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeilge, i gcáinaisnéis 2023, móide €1 milliún tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe sin.

Tá roinnt tograí móra le teacht as an mbuiséad seo sna blianta amach romhainn, eadhon athfhorbairt iomlán ar cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, atá luaite go sonrach sa phlean forbartha náisiúnta agus i gclár an Rialtais mar aon le hathchóiriú ar Áras na nGael i nGaillimh, atá luaite go sonrach i bplean teanga na cathrach. Bhí roinnt ceisteanna dleathacha agus eile le freagairt i mbliana maidir leis na tionscadail mhóra seo chun iad a bhrú chun cinn agus, dá bharr sin, táthar ag breathnú ar shábháil de thart ar €3.4 milliún san allúntas seo i mbliana. Tá sé i gceist é seo a úsáid chun leasa na teanga go fóill trí é a aistriú chuig TG4 chomh maith.

Is é €4 milliún an t-allúntas atá curtha ar fáil don scéim chaipitil seo anois i gcáinaisnéis 2024. Tá costas measta de €12.1 milliún curtha le 6 Sráid Fhearchair faoi láthair. Mar sin, beidh infheistíocht shuntasach de dhíth ansin suas go 2026. Anuas air sin, is é €1.2 milliún an costas measta atá curtha le hÁras na nGael i gCathair na Gaillimhe a bheidh le teacht go príomha as allúntas 2024. Táthar ag súil le dul chun cinn a dhéanamh ar na tionscadail seo go luath san athbhliain agus tá roinnt tionscadail eile á mbreithniú nó ag céim an staidéir féidearthachta maidir le forbairt ionaid Ghaeilge, ag teacht leis na gealltanais atá tugtha ina leith faoin bplean forbartha náisiúnta agus i gclár an Rialtais.

Anois, tá deis ag na baill ceisteanna a chur. Feicim go bhfuil an Teachta Joe McHugh linn. Glaoim ar an Teachta Ó Cuív.

Pléifidh mé le cúrsaí cumarsáide i dtosach báire. Feicim go bhfuil €16 milliún in airgeadas reatha tugtha do RTÉ. An raibh ar RTÉ briseadh síos a thabhairt ar an úsáid a bhainfidh sé as an €16 milliún sin? Cé mhéad den €16 milliún atá ag dul i dtreo cláir theilifíse sa Ghaeilge, Raidió na Gaeltachta agus gníomhaíochtaí eile trí mheán na Gaeilge?

Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn moltaí an Choimisiún um Thodhchaí na Meán a chur san áireamh. Mhol an coimisiún €16 milliún i maoiniú breise do RTÉ agus ghlac an Rialtas leis an moladh sin. Do TG4, mhol sé-----

Gabh mo leithscéal ach céard le haghaidh a moladh é? Caithfidh go ndúirt siad go raibh an t-airgead uaidh chun tuilleadh clár Gaeilge a chur ar bun, tuilleadh drámaíochta a chur ar bun nó rud mar sin. Céard le haghaidh atáthar ag úsáid an airgid?

Mar is eol don Teachta, tá RTÉ neamhspleách ón Roinn agus ón Rialtas agus, mar sin, tá srian ar an méid gur féidir liom a rá mar Aire. Tuigim go maith an spéis atá sna cúrsaí seo. Is é cuspóir ceisteanna an lae inniu, mar atá leagtha amach sa litir a fuair mé, ná plé a dhéanamh ar mhaoiniú breise do TG4.

Sea, ach tá an oiread baint againne le RTÉ, le cúrsaí Gaeilge ann, i Raidió na Gaeltachta agus atá againn le TG4.

Mhol New Era €16 million maoiniú breise do RTÉ.

Glacaim leis go dtugann an Rialtas €16 mhilliún gan fhios a bheith acu céard lena aghaidh a chaithfí é.

Bhí sé mar mhaoiniú interim mar ar mhol Coimisiún Todhchaí na Meán fad is a bhfuil an model nua againn.

So just tugadh €16 mhilliún agus dúradh go raibh an stáisiún easnamhach san obair a rinne sé agus tharraing sé trioblóidí airgid air féin agus dá bharr, bronnadh €16 mhilliún gan choinníoll air.

Mar a dúirt mé cheana, tá RTÉ neamhspleách.

Tá RTÉ neamhspleách ach tá an tAire freagrach as an airgead atá againne, airgead an phobail.

Níl sé oiriúnach dom, mar Aire, leanúint ar aghaidh ag plé le gnó RTÉ, mar mhol Coimisiún Todhchaí na Meán-----

Má thagann duine chugat ag iarraidh €16 mhilliún, is é an céad cheist a bheadh agamsa nó céard lena aghaidh a theastaíonn sé nó cé air atáthar ag dul chun é a chaitheamh? Tá sé seo iontach más féidir le daoine airgead a fháil ón Stát gan aon fhreagracht a bheith acu cé air a chaithfidh siad é.

Níl sé oiriúnach don Rialtas é sin a rá. Mhol New Era é agus tá an tuarascáil sin ann ó New Era. Ghlacamar leis sin mar Rialtas.

Fágfaimid é sin mar atá sé. Cé air a chaithfidh TG4 an t-airgead?

An é sin an méid atá-----

Cuirtear €4 mhilliún caipitil dó sin agus glacaim leis gur ar chaiteachas caipitil é. Níor thuig mé cén chaoi go bhféadfaí é sin a chur le freastal spóirt as airgead caipitil ach cé air a chaithfear an t-airgead sin?

D’iarr TG4 €4.5 milliún maoiniú breise i mbliana agus tá €4 mhilliún breise á lorg agam mar mhaoiniú forlíontach do TG4. Is é sin beagnach an maoiniú breise ar fad de €4.5 milliún a bhí á lorg ag TG4 i mbliana. Baineann formhór an mhaoinithe breise, beagáinín faoi bhun €3.3 milliún, le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i saoráidí coimisiúnaithe ó earnáil léiriúcháin neamhspleách na hÉireann.

Tá an earnáil léiriúcháin físe Gaeilge ag fás go láidir. Cuireann na harduithe ar mhaoiniú poiblí TG4 an earnáil a chur chun cinn, mar aon leis na bealaí ar chuir TG4 an maoiniú i bhfeidhm. Neartóidh infheistíocht bhreise san earnáil an fás seo anois.

Tuigim go gcothaíonn TG4 go díreach breis is 460 post coibhéise lánaimseartha i léiriúcháin físe i gceantair Ghaeltachta agus réigiúnacha. Cuireann na conarthaí ilbhliantúla leis an earnáil léiriúcháin a fhaigheann maoiniú ó TG4 ar chumas cuideachtaí tallann a mhealladh agus a choinneáil. Tuigim gan chinnteacht mhaoinithe go bhféadfaí deacrachtaí a bheith ag roinnt comhlachtaí léiriúcháin Gaeilge maidir le léiriú a choinneáil ar siúl. Mar thoradh, d'fhéadfaí tallann léiriúcháin Ghaeilge ó cheantair Gaeltachta agus réigiúin a chailleadh agus d'fhéadfaí laghdú teacht ar ábhar Gaeilge don lucht féachana.

Tá sé rí-thábhachtach leanúnachas fostaíochta a choinneáil don tallann a oibríonn le TG4 agus le hearnáil atá chomh dian sin a thógáil agus a choinneáil sa réigiún.

Cinnteoidh maoiniú breise do TG4 in 2023 go bhféadfaí leanúint ar aghaidh le léiriúcháin agus cabhróidh sé leis an tallann seo a choinneáil. Cabhróidh sé lena chinntiú go bhféadfaí leanúint ar aghaidh ag seachadadh agus ag neartú an sceidil agus ábhar láidir craolta Gaeilge TG4 sna blianta amach romhainn.

I measc na samplaí sonracha do thionscadail atá le maoiniú, tá Cine4 ag fáil €200,000 sa bhreis chun léiriúcháin leanúnacha den phríomhthionscadal, is é sin scannáin Ghaeilge a mhaoiniú. Tá €375,000 ann le tús a chur le léiriú ar “Saor Sinn ó Olc", sraith drámaíochta le léiriú mar chuid de thionscnamh níos leithne chun earnáil léiriúcháin físe a fhorbairt san iarthuaisceart. Áirítear leis seo scéim forbartha scileanna agus tallann agus spreagfar leis infheistíocht agus caiteachas le seirbhísí soláthair áitiúla sna réigiúin freisin. Úsáidtear díreach os cionn €1.5 mhilliún chun naoi gconradh léiriúcháin le seacht gcuideachta neamhspleácha a chumasú. Cuirfidh sé seo ar chumas na gcomhlachtaí seo a gcuid tallann léiriúcháin Ghaeilge uile a choinneáil.

Áirítear leis an aschur seo ábhar do chainéil nua Cúla4. Cuirfear geilleagar cruthaitheach réigiúnach níos láidre fás san éagsúlacht agus san iolrachas in earnáil na meán a chur chun cinn in Éirinn agus léireofar tábhacht na Gaeilge inti.

Mar thoradh ar bhoilsciú agus an tionchar ar chostas léiriúcháin, leithdháileadh €1.97 milliún chun arduithe chostas an choimisiúnaithe a mhaoiniú.

Ghlac TG4 gníomhartha cheana féin chun tionchar na gcostas méadaithe seo a laghdú ach d'aontaigh mé €1.242 milliún a sholáthar mar mhaoiniú breise chun cabhrú leis na costais mhéadaithe seo a chlúdach. Mar shampla, tháinig méadú €950,000 ar an gcostas a bhain le clúdach Chumainn Lúthchleas Gael a sholáthar in 2023.

Bhí TG4 in ann a leibhéal clúdaithe a mhéadú, rud atá tábhachtach le cur ar a chumas leanúint ar aghaidh ag cur thallann spóirt na hÉireann chun cinn.

Cuireadh €500,000 ar fáil chun na costais mhéadaithe léiriúcháin i “Ros na Rún” a chlúdach. I mbliana, fuair aisteoirí “Ros na Rún” a gcéad ardú pá ó 2008, chomh maith le scríbhneoirí agus criú, mar fhreagra ar brúnna costais mhaireachtála. Tá €230,000 breise ag teastáil mar gheall ar an athrú ar sceideal Chraobhchomórtas Idirchúige Vodafone Rugbaí na mBan. Creidim go bhfuil sé tábhachtach don lucht féachana in Éirinn go mbeadh TG4 in ann leanúint ar aghaidh ag cur spórt mionlaigh chun cinn agus nár chaill an chraobh seo amach ar am craolta tábhachtach.

Tá €240,000 curtha ar fáil chun freastal ar chostas breise do Ghradam Ceoil TG4 agus Fleadh Cheoil 2023 ar TG4 agus a chinntiú go bhféadfaí leanúint leis na cláir luachmhara seo a chraoladh ar fud na tíre.

Mar gheall ar an infheistíocht mhéadaithe a chuir mé ar fáil do TG4 tríd an Meastachán Forlíontach seo, agus le roinnt blianta anuas, tháinig méadú ar infheistíocht ina ábhar. Gan an infheistíocht seo, bheadh tionchar diúltach ar an ábhar Gaeilge atá ar fáil don phobal agus bheadh ní ba lú deiseanna ag na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha atá ag brath ar choimisiúnú TG4.

Soláthraíonn léiriúcháin neamhspleácha cuid thábhachtach den éiceachóras craolacháin agus léirithe ábhar in Éirinn. Áirítear leis an éiceachóras seo an earnáil beochana, léiriúcháin scannáin agus dráma teilifíse, cláir faisnéise agus ábhar spóirt.

Taispeántar i scannán a léirítear go neamhspleách, ar nós “An Cailín Ciúin”, an cumas ollmhór atá ann don chomhpháirtíocht idir chraoltóirí seirbhíse poiblí agus an earnáil léiriúcháin neamhspleách. Go deimhin, i ndíospóireachtaí faoi thodhchaí RTÉ, labhair ionadaithe poiblí go láidir faoin ngá atá leis an earnáil neamhspleách a chosaint. Cabhróidh na nithe thuas go léir le tallann léiriúcháin, teicniúil agus cruthaitheach na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sna ceantair réigiúnacha a fhás. Is daoine a chuireann fúthu go háitiúil iad seo atá ag obair i nGaeilge agus atá ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga bheo oibre.

Anois, tá mearbhall an tsaoil orm. Tá an tAire tar éis mionbhriseadh síos a thabhairt dom maidir le cé air a chaithfear airgead an Stáit de chuid TG4 mar mheán craolta. Nuair a chuir mé an cheist chéanna maidir le RTÉ, shílfeá gur rúndiamhair a bhí ann agus nach bhféadfaí aon rud a mhíniú dom faoi cé air atá airgead an phobail á chaitheamh. Ceapaim féin go bhfuil freagracht ar an Rialtas a bheith in ann a rá linn anseo cé air a chaitear airgead an phobail. Tá mionbhriseadh síos tugtha ag an Aire dom maidir le caiteachas TG4. Nach b’amhlaidh TG4 agus cén fáth nach bhfuil an cainéal sin clúdaithe faoin rúndiamhair nua seo atá tagtha chun cinn?

Ar dtús, caithfidh mé a rá go bhfaigheann TG4 maoiniú díreach ón Státchiste ach is ón gceadúnas teilifíse a thagann maoiniú RTÉ agus tá an méid sin ag laghdú. Mar sin, is gá don Rialtas maoiniú breise a thabhairt dó chun an tseirbhís a leanúint ar aghaidh. Mar a dúirt mé cheana, mhol Coimisiún Todhchaí na Meán an méid sin breise mar mhaoiniú interim chun leanúint ar aghaidh lena ghnó agus seirbhísí poiblí a chur ar fáil agus d'aontaigh New Era leis an moladh sin.

Caithfidh mé a rá arís nach bhfuil sé oiriúnach dom ná don Rialtas insint do RTÉ cén cláir gur cheart dó a dhéanamh. Tá sé neamhspleách agus is pointe tábhachtach é sin. Mar sin, tá srian ar an méid gur féidir liom a rá mar Aire. Mar a dúirt mé cheana, tuigim go maith spéis an Teachta in RTÉ ach is é cuspóir sheisiún an lae inniu, mar atá leagtha amach sa litir a fuair mé, ná plé a dhéanamh ar mhaoiniú breise do TG4. Ní raibh sé leagtha amach sa litir go raibh RTÉ le plé ag an gcoiste. Tuigim go dtagann an t-ábhar seo faoi bhráid coiste na meán.

Tá an ceart ag an Aire. Tá sí tar éis glacadh le cuireadh teacht os ár gcomhair toisc go bhfuil freagracht aici maidir le TG4, go bhfuil buiséad TG4 mar líne sa bhuiséad agus go bhfuil freagracht ar leith ag an gcoiste seo maidir le TG4. Is é an fáth gur cheadaigh mé na ceisteanna go dtí seo ná go bhfuil an dá rud gaolta toisc go mbaineann siad leis an gcraolachán. Muna bhfuil an t-eolas ag an Aire inniu, b'fhéidir gur féidir linn déileáil leis an ábhar ag staid éigin eile, más gá.

Ach is í an cheist atá agam-----

Nílim ag rá nach bhfuil an t-eolas agam ach go bhfuil rud difriúil i gceist anseo. Faigheann TG4 maoiniú díreach ón Státchiste agus is ón gceadúnas teilifíse a thagann maoiniú RTÉ. Mar a dúirt mé, níl sé oiriúnach dom ná don Rialtas insint do RTÉ cén cláir gur cheart dó a dhéanamh. Tá sé neamhspleách agus is pointe tábhachtach é sin.

Tá an dá rud gaolta mar níl cothromas sa chaoi ina bhfuiltear ag caitheamh leo. De réir mar a thuigim an €16 milliún, is airgead díreach ón Stát atá ann seachas airgead ceadúnais. Táim ag iarraidh teacht go dtí bun an scéil. Breathnaíonn sé go bhfuil €16 milliún á thabhairt as an Státchiste, ón gcáiníocóir - níl sé ag teacht ón gceadúnas agus is í sin an fhadhb - agus nach bhfuil trédhearcacht ar bith ann. Bíonn ar TG4 a bheith freagrach don phobal as mionghnéithe iomlána a chaiteachais. B'fhéidir go bhfuil sé in am anois cothromas éigin a thabhairt do lucht na Gaeilge. Nílimid in ann é sin an fháil amach. B'fhéidir go ndearna an coiste agus muid féin dearmad a rá go raibh sé ag iarraidh RTÉ a phlé ach tá dualgas reachtúil ar RTÉ maidir le craolachán trí Ghaeilge. Is i ngeall ar theip RTÉ an dualgas sin a chomhlíonadh thar na blianta gur bunaíodh TG4 sa gcéad uair. Chomh maith leis sin, tá freagracht iomlán aige as ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí ó thaobh shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta, is é sin, Raidió na Gaeltachta. Is éagothromas iomlán é an chaoi ina bhfuiltear ag caitheamh leis an rúndiamhracht a bhaineann le RTÉ, cibé áit as ar dtáinig sé, agus leis an trédhearcacht a bhaineann le TG4, fair play leis. B'fhéidir dá mbeadh beagáinín trédhearcacht bhreise i gceist le RTÉ nach mbeadh muid sa bpuiteach ina bhfuil muid agus nach mbeadh an poll dubh sin ann a chiallaíonn nach bhfuil a fhios ag éinne cá ndeachaigh an t-airgead.

Aontaím leis an Teachta-----

Go raibh maith agat.

-----ach ó thaobh chruinniú an lae inniu agus an cuireadh a eisíodh-----

Táim ag iarraidh míniú-----

Tuigim. Is é sin an fáth gur thug mé latitude don Teachta. Tá an dá rud gaolta. Tá an cás déanta ag an Teachta ach ní fiú leanúint ar aghaidh leis má tá an tAire chun an freagra ceannann céanna a thabhairt.

Is deas é a chloisteáil arís agus arís eile go bhfuil an rúndiamhracht seo ann le RTÉ agus go bhfuil an trédhearcacht seo ann ó thaobh airgid an Stáit i TG4. Sa dá chás, is airgead díreach ón Stát atá i gceist. Níl aon bhaint ag an gceadúnas leis seo. Is airgead díreach ón Státchiste atá i gceist.

Aontaím go hiomlán leis an Teachta.

Caithfidh na caighdeáin chéanna a bheith i gceist ar an dá thaobh.

Tá an méid breise maoiniú interim sin chun leanúint ar aghaidh leagtha amach i dtuairisc an Choimisiún um Thodhchaí na Meán. Ceadaíodh an maoiniú interim sin chun go mbeidh RTÉ in ann leanúint ar aghaidh mar is gnáth. Tá an maoiniú do TG4 le haghaidh seirbhísí nua. Tá na cúiseanna gur moladh an €16 milliún breise sin leagtha amach sa tuairisc a d'fhoilsigh muid an bhliain seo caite.

An ndúirt an tAire "an bhliain seo caite"? Ní raibh an ghéarchéim ann an bhliain seo caite.

Tá sí foilsithe.

Ar foilsíodh í an bhliain seo caite?

Táim ag caint faoi thuairisc an Choimisiún um Thodhchaí na Meán.

Ní raibh géarchéim airgid in RTÉ an bhliain seo caite.

Chlúdaigh an tuairisc trí bliana. I mbuiséad na bliana seo caite, tugadh €15 milliún breise mar mhaoiniú interim. Bhí €16 milliún breise i mbliana. Tá maoiniú-----

Ní raibh sé ag rá é seo mar gheall ar an easpa chothromais nó Ryan Tubridy.

-----molta don bhliain seo chugainn freisin. Níl aon connection idir an €16 milliún agus cad a tharla i rith an tsamhraidh. Bhí sé leagtha amach i dtuairisc an Choimisiún um Thodhchaí na Meán. Níl aon cheangal ann.

Ní raibh aon tionchar ag an easpa airgid ón gceadúnas.

B'fhéidir go mbeidh níos mó ag teacht an bhliain seo chugainn. Bhí mé ag labhairt leis an gcléireach inné agus tá sé i gceist againn go mbeidh cuireadh ag dul chuig Coimisiún na Meán le teacht os ár gcomhair chun déileáil le ceist chraolacháin as Gaeilge ina hiomláine. B'fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais go dtí an cheist seo.

An bhféadfaí an tAire a iarraidh ar ais freisin le fáil amach an bhfuil i gceist aici reachtaíocht maidir le craolachán trí Ghaeilge ar RTÉ a láidriú?

Is mian linn seisiúin a bheith againn leis an Aire, leis an gcoimisiún, le RTÉ, le TG4 agus le Raidió na Gaeltachta ar cheist an chraolacháin ina hiomláine.

Tuigim é sin ach an bhféadfaimis an tAire a fháil ar ais freisin le fáil amach an mbeidh leasú ar an Acht Craolacháin i gceist le déanamh cinnte go mbeidh leagtha síos ag an Rialtas an sciar airgid go gcaithfear a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta agus do chraolachán trí Ghaeilge as airgead RTÉ? Tá a fhios againn go raibh ar an gCoimisinéir Teanga cás a thógáil agus imscrúdú a dhéanamh ar RTÉ i dtaobh na ceiste seo.

Níl fadhb ar bith leis sin. Beidh an shraith sheisiún ag díriú isteach ar chraolachán trí Ghaeilge ina iomláine. Díreoidh sé ar gach uile ghné: caiteachas, cothromas agus an todhchaí. Toisc go bhfuil Coimisiún na Meán anois ann, tá dualgais bhreise ann agus níl muid tar éis dul tríd na ceisteanna sin leis an gcoimisiún ó bunaíodh é. An bhfuil aon cheist eile ag an Teachta don Aire?

Tá ceisteanna agam don Aire Stáit.

An féidir linn déileáil leis an Aire ar dtús báire? Is féidir dul ar ais chuig an Aire Stáit ina dhiaidh sin. Tá cúpla ceist agam féin. Arís, b'fhéidir gur féidir linn déileáil leo amach anseo. Tá ceist agam maidir leis an nuacht agus TG4. Is ceist don todhchaí é sin. Baineann sé leis an gcoimhlint nó iomrascáil ó thaobh cé atá chun an nuacht a bheith aige amach anseo, TG4 nó RTÉ. Is ceist don todhchaí é seo agus is féidir linn déileáil léi amach anseo.

Ina cur i láthair, dúirt an tAire gur tugadh an méid a bhí á lorg ag TG4 dó. Cheap mise go raibh i bhfad Éireann níos mó ag teastáil ó TG4 chun an fhís agus plean straitéiseach atá aige a chur in oiriúint, a chur i láthair agus a thabhairt chun críche. Leagadh amach é thar tréimhse chúig bliana agus bhí infheistíocht ar leith ag teastáil. Glacann gach duine leis go bhfuil ardú suntasach tugtha ach, chun an plean straitéiseach seo a chur i gcrích, ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos mó. Má táimid chun dul i dtreo S4C agus leithéidí an stáisiún i dTír na mBascach, tá gá le i bhfad Éireann níos mó infheistíochta.

Mar atá ráite agam, is méadú suntasach é seo. Cé go mb'fhéidir nach dtagann sé go díreach le huaillmhian TG4, cuirfidh sé ar a chumas leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt mar atá déanta aige ó bunaíodh é. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil a straitéis nua fós le hathbhreithniú ag Coimisiún na Meán, a dhéanfaidh moltaí de réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht maidir le leibhéal maoinithe sa todhchaí. Tá sé seo fós le déanamh. Cuirfear aon mholtaí san áireamh sna blianta amach romhainn. Príomhchuspóir de chuid TG4 ab ea an cainéal nua do pháistí, Cúla4. Sa bhuiséad deireadh, fuair mé €3.3 milliún chun é sin a chumasú.

Tá mé an-bhródúil as an gcainéal a seoladh an mhí seo caite. Sa bhuiséad seo, fuair mé maoiniú breise de €4.8 milliún chun tacú leis an tseirbhís nua, agus leanfaidh mé ag tacú le TG4 de réir mar a fhásann sé.

Tá sórt teip ansin mar bhí TG4 ag lorg €9.2 milliún don bhliain seo chugainn. Beidh orthu srian a chur le roinnt de na pleananna atá acu. Sa phlean a chuir siad le chéile, ní raibh an t-ardú sa chostas maireachtála san áireamh so beidh siad ar chúl. Tá dúshlán mór acu coimisiúnú a dhéanamh ar thuilleadh cláir den scoth. Glacann gach duine leis go bhfuil éacht á dhéanamh acu siúd atá ag craoladh as Gaeilge, TG4 go háirithe agus Cúla4 anois. Is gá beagnach dúbailt a dhéanamh ar an méid atá leagtha síos don bhliain seo chugainn; an mhéid chéanna ba chóir go mbeadh ann i mbliana. Sin sa chaoi go mbeidh an fás sin ag teacht agus gur féidir leo cur leis.

Ó thaobh airgead caipitil do TG4, an bhfuil na hathruithe a rinneadh san áireamh? Níl a fhios agam an raibh an tAire i stiúideo TG4 agus an bhfaca sí an obair atá déanta acu ó thaobh athrú a dhéanamh ar na costais leictreachais atá acu, mar shampla. Rinne siad athrú iomlán ar an gcóras soilsithe, tá a bhfuinneamh féin á nginiúint acu agus tá siad le níos mó infheistíocht a dhéanamh ansin ach cosnaíonn sé sin airgead. Níl a fhios agam an bhfuil an costas caipitil i gceist san airgead atá luaite ag an Aire chun cuidiú leo ísliú a dhéanamh ar na billí leictreachais atá acu. Dúirt siad linne nuair a bhí muid ar thuras chucu gur ísligh siad an costas leictreachais síos go dtí trian agus go ndéanfadh siad níos mó ná sin dá mbeadh an t-airgead acu chun infheistiú a dhéanamh.

Beidh siad in ann an t-airgead a úsáid dó sin agus do chostais leictreachais agus rudaí mar sin. Bhí mé sa stiúideo agus chonaic mé an obair iontach atá ar siúl. An í sin an cheist?

Sin é. Má tá siad in ann é sin a dhéanamh, b’fhéidir go mbeadh daoine in ann a rá le RTÉ gur chóir dóibh an rud céanna a dhéanamh agus airgead a ghearradh ansin mar gur féidir é a dhéanamh. Is áit nua atá ann. Ba léir go raibh duine éigin tar éis dul isteach agus oibriú amach gur féidir airgead a choigilt sa bhealach seo agus gur féidir ansin díriú isteach ar an jab atá acu, sé sin, cláir agus a leithéid a chur chun cinn.

Tá ceist amháin eile agam. Sa nóta a fuair muid, deir sé go ndéantar maoiniú TG4 a mhéadú trí Mheastachán teicniúil forlíontach ó choigilteas €4 milliún. Cad as ar tháinig an coigilteas? Cé nár chaith €4 milliún?

Is féidir leis an Aire Stáit é sin a fhreagairt.

Mar a dúirt mé sa ráiteas oscailte, cuireadh €3.5 milliún ar fáil i leith chlár caipitil C4 de chuid na Roinne do scéimeanna tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i gcáinaisnéis 2023 agus tá €1 milliún tugtha ar aghaidh ón mbliain roimhe sin. Céard an píosa eile den cheist?

Cad as ar tháinig an €4 milliún?

Baineann formhór de le scéimeanna caipitil a bhaineann go háirithe le hUimh. 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath. Táim dóchasach go mbeimid in ann dul chun cinn a dhéanamh le mo Roinn eile agus Oifig na nOibreacha Poiblí go luath ar an bhfoirgneamh sin. Sin an suíomh óna bhfuil an t-airgead sin á chur ar fáil do TG4. Is as C3 atá €600,000 eile. Sin an t-iomlán ar an ábhar sin.

Nuair a chonaic mé go raibh sábháil de €3.4 milliún nó rud éicint i gcaiteachas caipitil na Roinne, ní fhéadfainn é a chreidiúint mar go traidisiúnta bhíodh brú ollmhór ann agus i bhfad níos mó airgid sa gciste. Bhíodh brú ollmhór agus éileamh ón bpobal ann, nuair nach raibh siad leath chomh rachmasach agus atá siad anois, ar dheontais chaipitil ón Roinn. Is dóigh liomsa go bhfuil mearbhall anseo arís mar tá an oiread deontais ag dul thart. Tá ciste deontas don Ghaeltacht ag an Aire forbartha tuaithe, tá ceann eile anseo, tá LEADER ann agus mar sin de. An bhfuil aon iarracht déanta ag an Roinn le heolas a cur in iúl do na coistí áitiúla Gaeltachta ar fad, agus tá mé cinnte go bhfuil bunachar ag an Roinn de na coistí áitiúla ar fad sa nGaeltacht, faoi na deontais chaipitil atá ar fáil, an ráta deontais, na coinníollacha a bhaineann leo agus mar sin de, le tuilleadh forbairt a spreagadh sa nGaeltacht? Tá go leor hallaí pobail agus áiseanna pobail go dteastaíonn feabhas agus forbairt uathu agus go leor acu úsáidte ar mhaithe le coláistí Gaeilge.

Taobh amuigh de Choláiste Lurgan, an bhfuil aon chlár leagtha amach ag an Roinn i gcomhar le leithéidí CONCOS, na coláistí Gaeilge agus na hallaí pobail ar fad? Tá a fhios agam féin go raibh obair mhór ar bun i gConamara Láir maidir le hinfheistíocht i gcúrsaí fuinnimh sna hallaí, in áiseanna breise, cúrsaí inslithe agus na rudaí seo ar fad atá le déanamh. An bhfuil an t-eolas sin á scaipeadh go gníomhach ag an Roinn? An bhfuil plé ar bun leis na coistí deonacha ar fad ar fud na Gaeltachta le déanamh cinnte go bhfuil a fhios acu céard atá ar fáil, na coinníollacha a bhaineann leis, an ráta deontais atá ar fáil agus go bhfuil Roinn na Gaeltachta oscailte le haghaidh iarratas?

Cén uair an bhfuil súil ag an Aire go mbeidh forbairt Uimh. 6 Sráid Fhearchair réidh le dul ar aghaidh?

An bhféadfadh an tAire a rá liom an bhfuil na mná tí ar fad – nó na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge is cirte dom a rá – íoctha? Cé mhéad scoláire a tháinig chun na Gaeltachta i mbliana agus cén chaoi an bhfuil an uimhir sin i gcomparáid le 2019? Cé mhéad ar chaith an Roinn? Cén meastachán a bhí ann de chaiteachas ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana agus cé mhéad ar chaith an Roinn go dtí seo ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana?

Maidir le hiomlán na scoláirí a chaith tréimhse sa Ghaeltacht, beimid in ann tuairisc a chur os comhair an choiste ag deireadh na bliana. B’fhéidir go mbeidh mé in ann teacht ar ais ag an Teachta maidir leis an uimhir sin.

Nuair a dhéanann an tAire Stáit é sin, an gcuirfidh sé na figiúirí i gcomparáid le 2019? Níl aon mhaithe in 2020 nó 2021.

Beidh sé sin ceart go leor. Maidir le Sráid Fhearchair, is suíomh an-tábhachtach é an foirgneamh sin agus scéim an-oiriúnach agus an-tábhachtach é don Roinn, don Stát, do Chonradh na Gaeilge agus domsa freisin mar Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí. Bhí ceisteanna dlíthiúla ann cheana féin a bhaineann leis an ábhar sin. Tá súil agam go bhfuil siad sin réitithe agus go mbeimid in ann dul ar aghaidh leis an bpróiseas sin go luath.

Maidir leis an gceist a chuir an Teachta faoi ionaid óige agus oideachais, aontaím leis. Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn le hÚdarás na Gaeltachta, na Ranna eile agus leis na comhairlí contae. Ón am a bhí an Teachta i Roinn na Gaeltachta, tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn ar na háiseanna atá ar fáil. Tá obair fós le déanamh againn agus mar is eol don choiste tá oifigigh ón Roinn agus oifigigh ó Údarás na Gaeltachta ag dul timpeall agus ag caitheamh ama leis na comharchumainn, ag plé na n-áiseanna ar mhaith leo a bheith ina gceantair féin. Tá an-chuid oibre déanta ar an ábhar sin. B’fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais maidir le cúrsaí caipitil sna ceantair Ghaeltachta.

Maidir le Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, chuir an t-údarás réamh-chás gnó faoi bhráid na Roinne i leith ionad oideachais agus óige i nGaoth Dobhair. Bunaithe ar thoradh an cháis sin agus socruithe a rinne an t-údarás ar na roghanna éagsúla, tá sé i gceist anois go ndéanfaidh an Roinn freastal ar ghné oideachais trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt foirgnimh ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Beidh an t-údarás ag freastal ar riachtanais an óige sa cheantar agus tuigtear go bhfuil club óige lonnaithe i bhfoirgneamh de chuid an údaráis faoi láthair i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Gabhaim buíochas ar mo shon féin agus ar son an Rialtais as an méid oibre atá déanta ag an gCumann Lúthchleas Gael sa cheantar sin. Tá na foirgnimh atá ina measc an-tábhachtach don dul chun cinn sna ceantair sin.

B’fhéidir go scaipfí an t-eolas faoi na rátaí deontais agus na coinníollacha a bhaineann le bheith incháilithe le haghaidh dheontais na Roinne anois ar na hionadaithe poiblí sna Dáilcheantair Ghaeltachta. Bheadh sé thar a bheith úsáideach mar bíonn muide ag plé leis an bpobal an t-am ar fad, mar a bheadh an tAire Stáit ina cheantar féin. Dá mbeadh an t-eolas sin againn tá mé cinnte go bhféadfadh muid tuilleadh daoine a spreagadh le saoráidí níos fearr a chur ar fáil ach go mór mór i gcomhthéacs naíonraí agus coláistí Gaeilge agus na rudaí seo ar fad atá ag tacú leis an teanga. Gan na háiseanna fisiciúla, ní féidir na seirbhísí a chur ar fáil go sásúil.

Bhí comóradh 50 bliain de Choláiste Chamuis ann le déanaí. Ag an am sin ní raibh solas i gcuid de na tithe. Ní ghlacfaí leis sin anois. Bhíodar ag caint faoin gcodarsnacht idir mar a bhí agus mar atá. Tá en-suites agus chuile shórt i gceist i go leor tithe anois. Tá na caighdeáin ag ardú agus caithfidh na caighdeáin sna coláistí féin a bheith ag ardú an t-am ar fad freisin. Dá mbeadh an t-eolas sin againn bheadh sé thar a bheith úsáideach.

Bhí airgead beag ar fáil againn sa gcéad uair agus nuair a fheiceann tú €3.4 milliún ag dul ar ais amach as an bpota Gaeltachta, do RTÉ, chuirfeadh sé mearbhall ort. Chuirfeadh sé scanradh ort mar tá an Vóta Gaeilge agus Gaeltachta ar an ngannchuid. Don Mheastachán Gaeltachta, ní raibh ann ach €20 milliún ó thús agus tá €3.4 milliún imithe de sin so tá sé síos go €17.5 milliún. Tá sé an-bheag ar fad le bheith ag tabhairt airgid ar ais agus go mbeadh sábháil ann. Bheadh mé an-churtha amach faoi sin.

Tuigim an cheist agus tuigim go bhfuil sórt imní ar an Teachta ach ar an lámh eile, beidh an t-airgead sin ag fanacht i gcúrsaí Gaelainne agus Gaeltachta, in TG4. Nílim in ann an t-airgead sin a úsáid don bhliain 2023 ar aon nós d’Uimh. 6 Sráid Fhearchair mar nílim in ann dul chun cinn a dhéanamh leis sin faoi láthair ach táim dóchasach sna seachtainí os ár gcomhair, roimh dheireadh na bliana, go mbeimid in ann dul chun cinn a dhéanamh. Níl aon amhras orm ach go mbeidh an t-airgead sin in ann an suíomh sin a chur chun cinn in 2024 agus 2025 agus go mbeidh sé sin ar fáil don Roinn. Níl aon imní orm faoin ábhar sin maidir le hUimh. 6 Sráid Fhearchair.

Tá soiléiriú amháin ag teastáil uaim. Is léir go mbíonn ar an Roinn, le haghaidh tograí móra, cás gnó a chur faoi bhráid na Roinne caiteachais phoiblí. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá liom cén leibhéal de chaiteachas atá i gceist leis sin? Ní cuimhin liomsa riamh go ndeachaigh aon togra pobail faoi bhráid na Roinne ach d’fhéadfainn a bheith mícheart. Ní mise a bhí ag plé leis na rudaí sin ach an stiúrthóir.

Na suímh is mó ná Coláiste Lurgan agus-----

An mbíonn orthu sin go sonrach dul agus cead na Roinne caiteachais phoiblí a fháil?

B’fhéidir go mbeidh mé in ann teacht ar ais ag an Teachta tar éis an chruinnithe maidir leis sin. An bhfuil sé sin ceart go leor?

Sin dhá cheist atá an tAire Stáit le teacht ar ais agam fúthu. Ar dtús, cén caiteachas atá i gceist? Cén uair a leagadh amach é? Má leagadh amach é abair seacht mbliana ó shin, tá an boilsciú tógála tar éis imeacht craiceáilte agus tá chuile dara ceann ag dul suas.

Mar is eol don Teachta, tá ról ag an Roinn caiteachais phoiblí i ngach scéim caipitil lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Ba chóir dúinn oibriú leis an Roinn ar na geataí éagsúla i rith an phróisis.

Na scéimeanna is mó atá againn i Roinn na Gaeltachta ná Coláiste Lurgan agus Sráid Fhearchair. Beimid ag obair go daingean leis an Roinn caiteachais phoiblí chun iad sin a chur chun cinn. Níl aon amhras orm ná aon imní orm maidir leis an méid airgid a bheidh ag teastáil an bhliain seo chugainn agus in 2025 a bhaineann leis na scéimeanna sin. Beidh sé sin ar fáil dúinn.

Tá mé cinnte gur mhaith leis an Aire Stáit a bheith a bheith ann sa saol a bhíodh ann, nuair a tugadh airgead. Níl de chaipiteal aige ar fad don Ghaeltacht ach €21 milliún. Is ag cuidiú leis an Aire Stáit atá mé. Tugtar €14 milliún de sin d’Údarás na Gaeltachta. Mura bhfuil mórthogra ar fad ann, ní bhíonn orthu siúd dul ar ais ag an Roinn. Just caitheann siad an t-airgead. Tugtar €7 milliún don Aire Stáit agus fiú má fhanann sé taobh istigh den Mheastachán, bíonn air dul ar ais go sonrach tionscnamh ar thionscnamh. Ní aon ionadh nach bhfuilimid ag caitheamh airgead caipitil sa tír seo mar tá sé lán le píosaí páipéir agus daoine ag faire amach do phinginí nuair ar cheart dóibh bheith ag faire amach do na puint.

Mar is eol don Teachta mar iar-Aire, sin an próiseas atá leagtha amach ag an Roinn caiteachais phoiblí. Tá an deacracht sin cheana féin ag an Roinn tithíochta, an Roinn Oideachais, an Roinn Iompair agus mo Roinn eile, in Oifig na nOibreacha Poiblí.

Tá na fadhbanna sin ag gach Aire i ngach Roinn ach ba chóir dúinn an próiseas sin atá leagtha amach a choimeád.

Tuigim. Bhuel, caithfidh an Roinn coinneáil leis ach is féidir le mo leithéide a bheith ag troid go mbeadh córas bainistíochta i bhfad níos éifeachtaí agus foirfe ag an Stáit agus chuige sin, teastaíonn eolas cruinn uaim faoi teorann caiteachas faoi go gcaithfidh sibh dul ar ais agus sonrasc a bheith tugtha. Fágfaimid mar sin é mar-----

Ach tá na foirgnimh éagsúla leagtha amach san NDP mar sin tá a fhios ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, an méid airgid a bheidh ag teastáil uaim in 2024, 2025, agus 2026. Tá sé sin leagtha amach.

Tuigim é sin ach b’fhéidir go dtiocfadh na hAirí ar ais leis an eolas ar cé hiad na tograí. Glacaim leis go dtiocfaidh tograí chun cinn nach raibh in NDP ar bith.

Tá rud amháin eile agus b’fhéidir gur ceist ar an Aire í seo. Tá an meastachán forlíontach ós mo chomhair. An rud a deir sé ná go bhfuil caiteachas breise do €34.005 milliún agus sábháil €12.5 milliún i gceist agus go bhfuil an tAire Stáit anois ag cuartú €16 milliún breise. An rud nach ndeir sé ná cé ar a chaithfear an méid atá sábháilte. Is cineál miotas agus finscéal atá ceaptha ag an Roinn le rá: “Bhuel, shábháil muid ar an nGaeilge agus chaith muid ar theilifís na Gaeilge é." Ní sin atá ráite sa mheastachán forlíontach. Is éard a dhéantar leis an meastachán forlíontach ná an caiteachas breise iomlán atá i gceist a bhaint amach agus ansin pé mhéid airgid breise atá ag teastáil ón státchiste.

Maidir leis an €16 milliún do RTÉ?

No. “The sum now required,” mar a foilsíodh é i mBéarla breá, is €16 million.

Ní hea. An tsuim don Roinn. Tá sibh ag dul ag caitheamh €928,666 milliún nach ea? Thosaigh sibh le €912,666 mar sin beidh €16 mhilliún breise ag an Roinn le caitheamh roimh dheireadh na bliana.

Caithfimid teacht ar ais ag an Teachta. Ní thuigim cad atá i gceist anseo.

Tá an Teachta tar éis meascán mearaí a chur ar na hAirí. Taispeáin an doiciméid dóibh agus tuigfidh siad ansin.

Is é sin an meastachán forlíonta.

Doiciméid na Roinne féin é, nach ea?

Is é sin meastachán forlíonta na Roinne. Mar sin, tá an méid ar fad atá sábháilte curtha in aon phóca amháin agus tá na caiteachas breise ar fad agus baintear ceann óna chéile, ach ní hé go n-aistrítear airgead go sonrach ó rud amháin go rud eile. Fágfaimid mar sin é.

Tiocfaidh mé ar ais air sin.

B’fhéidir go bhfuil freagra ag teacht nó go dtiocfaidh freagra amach anseo. Rúndiamhair.

Beidh méadú breise nua - an €16 milliún do RTÉ - ag teacht an tseachtain seo chugainn.

An rud a tharlóidh ná go bhfuil an caiteachas breise agus na coigiltis ar fad curtha le chéile. Baintear ceann óna chéile agus iarrtar €16 milliún breise ón Rialtas. Ach ní hé go raibh rud amháin á shábháil agus díreach á aistriú go rud eile. Is iomlánú a dhéanann an Roinn ar chaiteachas agus ar choigiltis na Roinne.

Is airgead nua é an €16 mhilliún atá ag teacht an tseachtain seo chugainn.

Is léir nach dtuigeann an tAire an pointe atá mé ag déanamh.

Tá ceist amháin eile a bhí de cheart agam í a chur níos luaithe. An t-airgead breise do TG4, is airgead a tháinig ó chaipiteal don chuid is mó é. Ní gnách airgead caipitil a bhogadh go dtí airgead reatha. De ghnáth, caithtear é ar scéimeanna caipitil nó cuirtear ar leataobh don bhliain dár gcionn é. Sa chás seo, an rud atá ag tarlú ná go bhfuil an tAire ag glacadh an cinneadh go bhfuil coigiltis sa bhuiséid á bhogadh chun cuidiú le TG4.

Muna mbeadh an t-airgead sin ag dul go TG4, bheadh sé ag dul ar ais go dtí an Exchequer.

D’fhéadfaí é a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta nach bhfuair ach milliún breise-----

Ach de réir an phróiseas sin, táimid in ann an t-airgead sin a chaitheamh ar chúrsaí Gaeltachta agus ar chúrsaí Gaolainne.

Níl mé ag rá nár chóir go mbeadh sé á chaitheamh. Níl ann ach de ghnáth, nach n-aistrítear airgead atá curtha ar leataobh do chaipiteal, go dtí airgead reatha, agus is é sin atá ag tarlú sa chás seo.

Is féidir le TG4 maoiniú caipitil a chaitheamh ar chláracha. Is féidir é sin a dhéanamh.

Tá sé cosúil le díol as riaracháin, is caiteachas caipitil atá ann.

An cheist dheireanach. Is é an tAire Stáit a luaigh Áras na Gael agus tá sé go maith go bhfuil daoine ag smaoineamh air. An bhfuil aon iarratas istigh don bhfoirgneamh béal dorais atá ceangailte leis, an Galway Arts Centre? Ní a fhios agam an raibh an tAire in Áras na Gael, i nGaillimh. Téann tú isteach in Áras na Gael agus tá an foirgneamh béal dorais ceangailte. Má dhéantar obair ar cheann amháin de na foirgnimh, caithfear an obair a dhéanamh ar an gceann eile. Tá siad chomh ceangailte sin agus tá an dá fhoirgneamh i mbaol. Is seantithe nó sean foirgnimh iad. Má tá an tAire, mar a luaigh an tAire Stáit, ag dul ar aghaidh leis seo, beidh airgead á chaitheamh amach anseo ar Áras na Gael, rud atá go hiontach. Ba chóir go mbeadh an Roinn i gcoitinne ag féachaint ar an Galway Arts Centre chun an caomhnú a dhéanamh ag an am céanna más féidir.

Níl aon iarratas tagtha isteach chuig an rannóg Gaeltachta ach b’fhéidir go bhfuil chuig an rannóg ealaíona agus is féidir linn breathnú air sin.

Tá dhá cheist eile agam toisc go bhfuil na hAirí anseo. Cén uair a fheicfimid Bille do thoghchán Údarás na Gaeltachta?

Go luath. Mar a dúirt mé cheana, is ábhar an-chasta agus an-deacair é ceist na hinscne ach tá súil agam go mbeidh mé ar ais chuig an gcoiste tar éis na Nollag.

Ceart go leor. Caithfimid déileáil leis má tá sé i gceist an toghchán sin a bheith ann. Tá muidne sásta aon chuidiú a thabhairt chun cúrsaí a dheifriú chun go dtarlóidh an toghchán ag an am atá tuartha againn agus ag an Aire Stáit. Tá ceist agam don Aire sinsearach maidir le straitéis ealaíne teanga bunaithe na Gaeilge. Cén uair a fhoilseofar é? Chuala mé go bhfuil sé ag teacht.

Beidh sé á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Is é sin an méid. Tá mise sásta deireadh a chur leis an cruinniú. Tá leathanaigh agus leathanaigh de cheisteanna eile agam ach baineann siad sin leis an mbuiséad atá ag teacht seachas an buiséad a bhí againn agus déanfaimid déileáil leis sin amach anseo. Measaim go raibh cur chuige ceart againn maidir leis na hábhair seo agus is léir go bhfuil spéiseanna ar leith ag na baill a chuir na ceisteanna. Cuirfimid críoch dá réir lenár mbreathnú ar na Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023, Clár C, don Gaeltacht de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Barr
Roinn