Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 23 Nov 2023

Teachtaireacht chuig an Dáil

De réir Bhuan-Ordaithe 101, seolfar an teachtaireacht a leanas chuig Cléireach na Dála:

Tá Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a bhreithniú a chríochnú ar na Meastacháin seo a leanas i gcomhair seirbhísí poiblí don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2023: Meastacháin Forlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2023, Vóta 33, Clár C, don Ghaeltacht agus don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

An aontaítear sin? Aontaítear.

Gabhaim ár mbuíochas leis an Aire, an Teachta Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan, chomh maith le hoifigigh na Roinne, as an gcúnamh a thug siad dúinn inniu. Cuirfimid críoch lenár gcuid gnó inniu.

Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 10.41 p.m. sine die.
Barr
Roinn