An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1974 (Bille Airgid Deimhnithe): An Dara Céim (Atógail). Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1974 (Certified Money Bill): Second Stage (Resumed).

Athchuireadh an Cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair."
Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá gach duine anseo i bhfabhar an Bhille seo chun níos mó airgid a thabhairt do forbairt ins na limistéir Gaeltachta. Na Seanadóirí a bhí ag caint inné bhíodar ar aon guth comh maith faoin Aire—sé sin go raibh sé ag déanamh a dhíchill don Ghaeltacht. Ba mhaith liom féin cur leis sin mar tá gach cosúlacht, de réir na scéimeanna atá déanta aige ón t-am a ceapadh é, go bhfuil sé lán dáiríre faoin obair atá ag teastáil ins na limistéir. Sé mo thuairim féin go bhfuil an iomad focail curtha i gcló faoin gceist seo agus níl aon fhonn ormsa cur leo ach an méid seo a rá. I 1925 caitheadh £625 ar Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur i gcló. Sé mo thuairim go raibh a lán céille le moltaí an Choimisiúin sin ach an chuid is mó acu tá siad le cur i gcrích fós.

I 1963, nuair a cuireadh an Tuarascáil Choimisiún um Athbheochaint na Gaeilge i gcló, bhí meath na Gaeilge agus meath na limistéirí Gaeltachta le feiscint go soiléir. Bhí tuitim mór i daonradh na limistéir sin go háirithe sna aois grúpaí faoi bhun 30 bliain d'aois. Deir tuarascáil Bhreandán Mac Aoidh go bhfuil Gaeltacht na Gaillimhe mar a chéile. Tá mé féin cinnte go gcaithimíd níos mó airgid a chaitheamh ins na limistéir Gaeltachta mar atá luaite sa mBille seo. Mar sin ba mhaith liom fáiltiú roimh an mBille ach ní ghlacaim go bhfuil sin mar deireadh leis an scéal faoi fhorbairt na Gaeltachta. An t-aon réiteach ar fhadhbanna na Gaeltachta ná an méid is mó cumhachta agus is féidir thabhairt ar ais do mhuintir na Gaeltachta ina gcúrsaí féin, i riaradh a gcúrsaí féin.

Deireann an tAire féin ina ráiteas go bhfuil sé chun Údarás a cheapadh chun cúrsaí na Gaeltachta a riaradh. Tá súil agam go mbeidh breis cainteanna idir an tAire agus iad sin nach bhfuil sásta glacadh leis an Údarás mar a bhfuil sé leagtha amach ag an bpoinnte seo. Tá súil agam go gcuirfear na cainteanna sin ar bun sar i bhfad. Mar léirigh an tAire ón lá ar tháinig sé chugainn go bhfuil sé sásta comhairle a ghlacadh agus go bhfuil sé sásta caint leis na heagraisí éagsúla atá ag obair sa Ghaeltacht. Nuair a thosnóidh an tÚdarás nua ag obair tá súil agam go mbeidh siad sásta airgead a chaitheamh ar chuile ghné sóisialta den Ghaeltacht. Ní cheart go gcuirfeadh siad an béim ar thionsclaíocht amháin. Tá mé féin i bhfabhar an t-airgead a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chun é a chaitheamh sa tslí is fearr a gceapann siad í a chaitheamh.

Le blianta ba é dearcadh an Rialtais ná gur ceist teanga amháin a bhí i gceist againn nuair a bhí muid ag plé leis na Gaeltachtaí, ach tuigeann chuile dhuine anois go bhfuil fadhbanna móra eacnamaíochta agus sóisialta i gceist agus ba mhaith liom tagairt a dhéanamh arís don tuarascáil 1925. Fiú amháin i 1925, san litir a chuir an Coimisiún ar bun glacadh leis an tuairim sin. In Alt 10, ar leathanach 2 de Thuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta, tá sé ráite: "Is eol dúinn gurb éinní amháin, geall leis, na ceanntair sin agus líomatáistí tuatha áirithe in Éirinn ina bhfuil fadhb cruadh casta eacnamíochta le réiteach. Tá dlúbhaint ag ceist na Gaeilge agus an ceist eacnamíochta len a céile agus iarrtar ar do Choimisiún iad a bhreithniú i dteannta a chéile".

Sé sin, glacadh ag an am sin go raibh dlúbhaint idir fadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeltachta agus fadhbanna ó thaobh teanga de, ach tugadh cúl ar an dearcadh sin agus tá a riocht le feiscint i gCamden Town agus Boston san lae inniu. Tá sé thar am dúinn go léir, ceapaim, a bheith macánta faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht agus ceapaim an tslí is fearr chun Gaeilge a fheabhsú ná slí bheatha ar aon chéim le slí bheatha aon áit eile sa tír a chur ar fáil ins na limistéir Gaeltachta. Rud eile, an cheist seo faoi fhorbairt na limistéir Gaeltachta, ní féidir an cheist sin a dheighilt ón gceist ginearálta faoi fhorbairt réigiúnach.

Tuigeann an tAire, tá súil agam, go bhfuil géar ghá le polasaí réigiúnach fiúntach san tír seo faoi láthair, go háirithe toisc go bhfuil teipthe ar chuile iarracht polasaí réigiúnach a cheapadh ar scála an Euróip. Más rud é go bhfuil polasaí faoi na réigiúin á cheapadh, tá sé tábhachtach go dtuigimíd go léir céard atá i gceist.

Níl muid ag caint faoi chúrsaí eacnamaíochta amháin—tá muid ag caint i bhfad níos leithne ná sin. Caithfidh muid tosnú le comhacht a thabhairt ar ais do na réigiúin agus forbairt eacnamaíochta a úsáid mar uirléis i bhforbairt réigiúnach. Tá sé i n-am deireadh a chur leis an chaint agus polasaí fiúntach sin faoi na réigiúin a chur i gcrích, a chur ós comhair an phobail.

Mar focal scoir, go minic deirtear go gcaithimíd an Ghaeltacht a chothabháil de bharr cúiseanna cultúrtha. Ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh soiléir, agus sé seo go bhfuil sé mar polasaí Pháirtí an Lucht Oibre a gceartanna a thabhairt ar ais do mhuintir na Gaeltachta—ní mar fabhar ar bith ach go mba cheart é a dhéanamh. Nílimid ach ag tabhairt a gceartanna do mhuintir na Gaeltachta, rud nár tugadh dóibh le fada. Fáiltím roimh an mBille.

Ar dtús ba mhaith liomsa mo fhíor bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair ar an mBille anseo. Cé nach raibh ach Bille beag ann, mar sin féin bhí díospóireacht suimiúil cuidiúil agus réalíoch againn. Is ábhar misnigh dom é go bhfuil fonn mór ar na Seanadóirí ó gach páirtí sa Teach seo go gcuirfí leas na Gaeilge agus leas na Gaeltachta chun cinn ar na bealaí is éifeachtaí.

Mar a fheicimse an scéal anois tar éis bliain a chaitheamh mar Aire na Gaeltachta, is é an rud is tábhachtaí agus is práinní don Ghaeltacht ná lánfhostaíocht agus caighdeán maireachtála a chur ar fáil do muintir na Gaeltachta ins na seachtóidí. Cabhróidh an Bille beag seo chun an fhostaíocht sin a chur ar fáil.

Mar adúras, is é na cuspóirí atá leis an mBille seo ná £4 mhilliún breise a chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann. Caithfear an t-airgead seo ar fhoirgnimh agus ar ghléasa nua do na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin agus ar réamh-mhonarchain, is é sin, monarchain le cur ar chíos do thionscail nua. Freisin caithfear cuid den airgead ar scaranna i gcomhlachtaí ina bhfuil Gaeltarra agus daoine eile i gcomhar le chéile chun comhthionscail nua a bhunú agus a reachtáil.

Mar adúras, táim an-bhuíoch do na Seanadóirí a labhair sa díospóireacht. Ar dtús an Seanadóir Brosnan: rinne sé tagairt do a lán rudaí a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht. Rinne sé tagairt do cheisteanna a bhaineann le leathnú na Gaeltachta agus áiteanna ar imeall na Gaeltachta. Rinne cúpla Seanadóirí eile tagairt don fhadhb chéanna. Dúirt an Seanadóir Brosnan gur thug mé geallúint go ndéanfadh an Rialtas ordú chun ceantracha éagsúla a thabhairt isteach sa Ghaeltacht. Le déanaí, cúpla seachtain ó shin d'fhógair mé go hoifigiúil go raibh sé beartaithe ag an Rialtas Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge a leathnú agus ceantar beag i gCorca Dhuibhne, sé sin, an paróiste Clochán Bréanainn.

Rinne an Seanadóir Brosnan tagairt do áiteanna i gceantar Eochaill, go háirithe Baile Mhac óda. Do thugas cuairt ar an pharóiste sin le déanaí agus bhí an-áthas orm a fháil amach go raibh spiorad an-mhaith sa pharóiste, agus dúras sin ag an chruinniú a bhí againn an oíche sin. Má leanfar ar aghaidh leis an obair atá ar siúl i mBaile Mhac Óda, beidh mé in ann moltaí a thabhairt don Rialtas i gceann bliana nó mar sin chun an paróiste sin a thabhairt isteach sa Ghaeltacht.

Rinne an Seanadóir Brosnan agus Seanadóirí eile tagairt chomh maith do cheist na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht—go raibh laghdú ann anuraidh. Bhuel, tá an-áthas orm a chur in iúl don Teach go raibh méadú ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar chúrsaí samhraidh anuraidh agus tá áthas orm chomh maith a rá gurab é an scéal is déanaí atá agam ná gur cosúil go mbeidh níos mó daltaí ná ariamh ag freastal ar na coláistí Gaeilge i mbliana.

Luaigh an Seanadóir O'Toole Gaeilge éigeantach. Sílim go bhféadfadh díospóireacht an-shuimiúil a bheith againn ar an ábhar sin ach arís ní bhaineann sé leis an mBille seo. Luaigh an Seanadóir O'Toole chomh maith fadhbanna eile atá sa Ghaeltacht. Níl aon dabht ar bith ná go bhfuil fadhbanna an-mhór ann. Ins na ceantracha iargúlta atá ann níl an bun structúr ann. Mar shampla, tá fadhbanna a bhaineann le leictreachas agus uisce agus gach rud mar sin. Mar adúras, sé an rud is tábhachtái ná lánfhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Is furasta é sin a rá ach is deacair é sin a dhéanamh. Mar sin féin, tá dul chun cinn ana-mhaith á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann chun an fhostaíocht sin a chur ar fáil.

Bhí sé d'onóir agam cúpla seachtain ó shin an cúigiú monarcha a oscailt go hoifigiúil ins an estát thionscail i Ghaoith Dóbhair i gContae Dhún na nGall. Chomh maith leis sin tá monarchana nua á dtógáil ins na ceantracha Gaeltachta eile, ach caithfimid an bunstructúr a chur ar fáil. Caithfimíd na háiseanna a chur ar fáil chomh maith leis na postanna. Rinne an Seanadóir Yeats tagairt don cheist tábhachtach seo, sé sin, ceist an lánfhostaíochta agus dúirt sé, agus bhí an ceart aige, go mbeidh orainn na mílte postanna nua a chur ar fáil roimh 1980.

Cé mhéad postanna a bheidh ag teastáil? Le déanaí, rinne Gaeltarra Éireann suirbhéireacht iomlán i ngach paróiste sa Ghaeltacht agus tá meastacháin againn anois maidir leis na sprocanna postanna, sé sin the job targets, a bheidh ag teastáil. Taispeánann an suirbhéireacht go mbeidh ar Ghaeltarra timpeall 1,200 postanna nua a chur ar fáil gach bliain idir 1974 agus 1980. I 1973, chuireadh 1,150 postanna nua ar fáil agus maidir leis an mbliain seo, ó Mí Eanáir go deireadh Mí Bealtaine chuir na tionscail nua tímpeall 500 postanna nua ar fáil. Tá súil agam, ós rud é anois go mbeidh airgead breise ar fáil ag Gaeltarra Éireann, go mbeidh siad in ann postanna breise a chur ar fáil. Tá géar ghá le fostaíocht ins na ceantracha Gaeltachta. Tá géar ghá le gach iarracht chun cosc a chur leis an tíde imeachta. Ach mar adúras, ní furasta é sin a dhéanamh. Tuigimse na deacrachtaí atá ann. Tá ar intinn agam gach iarracht a dhéanamh an obair sin a choimeád ar siúl agus é a bhrostú.

Rinne an Seanadóir Dolan tagairt do rudaí b'fhéidir nach bhfuil ceadaithe i díospóireacht a bhaineann leis an mBille beag seo. Mar sin féin, thug sé ráiteas ana-mhaith agus rinne sé tagairt don obair a rinne na daoine a chuaigh romhamsa, na hAirí Gaeltachta a bhí ann romhamsa. Aontaím leis. Tá creidiúint ag dul do gach Aire agus do gach Rialtas as ucht na n-iarrachtaí a rinne siad chun leas na Gaeltachta a chur chun cinn. Rinne sé tagairt chomh maith do Radio na Gaeltachta nach bhfuil sé le cloisteáil ar fud na tíre. Tá deacrachtaí ann ach tá sé le cloisteáil ar VHF i ngach áit sa tír agus bheadh fonn mór ormsa, más féidir, é a chur ar fáil in gach áit sa tír.

Rinne sé chomh maith tagairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an Comhaltas molta agam go poiblí go minic as ucht an dea-obair atá á dhéanamh acu chun ceol na tíre a athbheochan. Bhí sé d'ónóir agam cúpla seachtain ó shin Fleadh Ceoil na Breataine a oscailt go hoifigiúil i mBirmingham i Sasana agus bhí íonadh orm go raibh níos mó ná 5,000 daoine i láthair ar an ócáid sin agus bhí beagnach 800 daoine páirteach sna comórtaisí a bhain leis an fleadh. Tá an-áthas ormsa a rá go bhfuil cabhair airgid á thabhairt ag mo Roinnse don Chomhaltas gach bliain.

Rinne an Seanadóir Dolan tagairt freisin do Chómhaltas Uladh. Is cuid de Chonradh na Gaeilge iad agus tugann mo Roinnse cabhair nach beag dóibh tríd an Chonradh gach bliain.

Dúirt an Seanadóir O'Brien nach furasta obair a chur ar fáil in áiteanna iargúlta sa Ghaeltacht agus tá an ceart ar fad aige. Cabhróidh an t-airgid faoin mBille seo chun an fhadhb sin a réiteach.

Rinne cúpla Seanadóirí tagairt do Údarás na Gaeltachta. Mar adúras i mo ráiteas, tá sé beartaithe ag an Rialtas go mbeidh údarás mar sin ann. Táimíd ag obair faoi láthair ar an mBille agus tá súil agam go mbeidh an Bille sin ós comhar na Dála agus ós cómhar an tSeanaid sa bhFómhar. Tá súil agam chomh maith go mbeidh an t-údarás nua bunaithe i Mí Eanáir, 1975. Sílimse, mar adúras i mo ráiteas, go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeidh guth láidir ag pobal na Gaeltachta san údarás nua. Tá sé beartaithe agam boird cúige le hionadaí Gaeltachta a bhunú agus go n-ainmeóidh gach ceann de na boird sin duine lena ceapadh ar bhord an údaráis. Is é mo thuairimse go mbeidh deis nua ag muintir na Gaeltachta páirt iomlán a ghlacadh i bhfoirbairt na Gaeltachta nuair a bheidh an údarás nua bunaithe. Mar adúras, beidh deis againn, nuair a bheidh an Bille sin ós chómhar an tSeanaid, díospóireacht iomlán a bheith againn ar chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Higgins go mba cóir dúinn moltaí an Tuarascála um Athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Aontaím leis. Deir sé freisin go mba chóir dúinn cumhacht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féachaint i ndiadh a gcúrsaí féin. Tabharfaidh an údarás nua an deis sin do mhuintir na Gaeltachta. Nuair a dfhógair mé an údarás ar dtús bhí mórán mí-thuiscint ann ach tá an-áthas orm a rá go bhfuil formhór muintir na Gaeltachta i bhfábhar an údaráis sin, agus bhí an-áthas orm a chloisint go bhfuil na Seanadóirí ina bhfábhar freisin. Beidh lá eile againn chun an cheist sin a phlé.

Rinne Seanadóiri eile tagairt do cheisteanna nach bhfuil oiriúnach do dhíospóireacht ar an mBille beag seo. Maidir leis an údarás, chomh maith, dúirt an Seanadóir O'Toole go mba chóir go mbeadh ceangal díreach idir muintir na Gaeltachta agus an Rialtas. Leis an údarás nua beidh an ceangal díreach sin ann faoi bhoird cúigíocha an údaráis agus ansin díreach go dtí an Rialtas trí Roinn na Gaeltachta.

Rud eile a luaigh an Seanadóir Dolan go mba chóir dúinn deontas beag a thabhairt ar mhaithe le daltaí a théann go dtí an Ghaeltacht. Anuraidh rinne muid an deontas sin a dhúbailt agus tá breis agus £300,000 á chaitheamh againn ar na deontais sin in aghaidh na bliana. Dúirt sé chomh maith gurb é mo Aireacht an ceann is deacra agus is tábhachtái dá bhfuil ann agus go bhfuil anam na tíre faoi mo chúram. Tugann sé an-áthas dom é sin a chloisint agus is ábhar misnigh dom é. Tá súil agam go n-eireóidh liom, mar adúras, leas na Gaeltachta agus leas na Gaeilge a chur chun cinn.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis an bhforbairt atá ar siúl sa Ghaeltacht faoi láthair. Go luath tar éis mo cheapachán mar Aire na Gaeltachta is é an treoir a thug mé do Ghaeltarra Éireann ná pleananna a ullmhú chun forbairt iomlán a chur ar siúl ní amháin ins na monarchana ach forbairt talmhaíochta, iascaireachta, garradóireachta, agus pleananna chun forbairt na n-oileán a chur chun cinn. Tá na pleananna go léir sin leagtha amach agus tá cuid acu a feidhmiú faoi láthair. Tá monarchana nua á dtógáil ins na ceantracha Gaeltachta. Tá réamh-mhonarchana á dtógáil ann. Chomh maith leis sin tá forbairt talmhaíochta ar siúl agus forbairt garradóireachta. Tá forbairt talmhaíochta an-thábhachtach ar siúl i nGaeltacht Mhaigh Eo faoi láthair. Tá comhlacht nua bunaithe i gceantar Iorras ina bhfuil Gaeltarra Éireann agus Comharchumann lorrais páirteach. Is obair an-thábhachtach í sin agus forbairt an-thábhachtach.

Chomh maith leis sin tá ionad beathaithe uan oscailte in Acaill, agus tá ceann eile á thógáil faoi láthair i gceantar Seóighe i gConamara agus tá deontas ceadaithe againn chun an tríú ceann a chur ar fáil i nGaeltacht Chiarraí, sin forbairt talmhaíochta. Mar gheall ar fhorbairt iascaireachta, tá monarcha próiséala éisc nua oscailte in Ailt an Chorráin, Contae Dhún na nGall agus ceann eile sa Daingean. Tá obair ar ché Ros a' Bhíl ar siúl faoi láthair.

Maidir leis an ngarradóireacht, tá cúpla tionscail ana-mhaith i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tá ceann nua á chur ar siúl ann faoi láthair. Maidir leis na hoileáin, chuir sé an-áthas ormsa cúpla mí ó shin a fhógairt go hoifigiúil go raibh tionscail nua bunaithe ag Gaeltarra in Oileán Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall agus Oileán Inis Mór i gContae na Gaillimhe. Is céimeanna ar aghaidh ana-mhaith iad sin.

Tá a lán deacrachtaí ann ach tá Gaeltarra ag dul ar aghaidh leis an obair. Mar adúras in mo ráiteas, ní beag a bhfuil déanta ag Gaeltarra ó bunaíodh é cúpla bliain ó shin. Rinne mé tagairt do na fadhbanna atá ins na ceantracha Gaeltachta maidir le bunstructúr. Tá fadhbanna eile ann maidir le cúrsaí iompair agus eile. Tá siad sin an-thábhachtach ar fad. Tá deacrachtaí móra ann, ach mar is eol don Teach tá Comhlacht Aer Seirbhís nua bunaithe ann anois agus tá aerstráicí le cur síos ins na hoileáin agus ins na ceantair Gaeltachta. Chabhróidh an t-aer seirbhís sin go mór chun forbairt na Gaeltachta agus forbairt na n-oileán a chur chun cinn.

Níl mórán eile le rá agam ag an am seo ach arís mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair ar an mBille, mo bhuíochas a ghabháil don Seanad faoi fháiltiú a chur roimh an mBille beag agus tá súil agam, le cúnamh Dé, go mbeidh díospóireacht fada iomlán againn nuair a bheidh mé ar ais arís i gceann cúpla mí leis an mBille do údarás nua na Gaeltacht. Go raibh maith agaibh.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Question put and agreed to.
Aontaíodh na Céimeanna eile a thógaint inniu.
Agreed to take remaining Stages today.