Donegal South-West): Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leat féin as tú bheith tofa inniu mar Leas-Chathaoirleach an tSeanaid.
Is mór an phribhléid dom an deis seo a bheith agam an Bille seo a chur faoi bhráid an tSeanaid. Sula luífidh mé isteach ar chuspóir an Bhille féin, ba mhaith liom cur síos gairid a tabhairt don Seanad faoi conas mar a d'éirigh le Údarás na Gaeltachta anuraidh maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht.
Bliain deacair a bhí ann anuraidh maidir le fostaíocht a chruthú agus a chaomhnú sa Ghaeltacht is cuma cén earnáil tionscail ina raibh gnóanna nó cén margadh lena rabhthas ag iarraidh earraí a dhíol. Cruthaíodh 975 phost nua lánaimseartha ar an bhfód i 1992 i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás agus, tar éis caillteanais de 920 post a chur san áireamh, bhí méadú glan de 55 phost sa bhliain sin. Ba í 1992 a t-aonú bliain déag i ndiaidh a chéile ina raibh glanmhéadú san fhostaíocht i dtionscail faoi scáth an Údaráis. Ag deireadh 1992, bhí 5,652 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 5,597 nduine ag deireadh 1991. Chomh maith leis sin, tá acmhainn de 1,440 post nua i dtograí ar cheadaigh an tÚdarás cúnamh ina leith anuraidh.
Tá fostaíocht shéasúrach an-tábhachtach don Ghaeltacht agus tháinig méadú de 320 ar líon na bpost sin sa Ghaeltacht le linn 1992 ó 2,260 duine i 1991 go dtí 2,580 duine i 1992. Luíonn na poist shéasúracha pháirtaimseartha sin le sean tráidisiún an iarthair mar tugann siad deis do na hoibrithe a bheith ag plé le farraige agus le talamh agus móin in am tráth. Chomh maith leis an bhfostaíocht shéasúrach/pháirtaimseartha sin, bhí 77 scéim fhostaíochta shóisialta a raibh luach £1.4 mhilliún ag gabháil leo agus 635 dhuine fostaithe orthu á riaradh ag an Údarás i 1992 i gcomhar le FÁS agus coistí áitiúla Ghaeltachta.
Maidir leis an 920 oibrithe ar scaoileadh leo i rith na bliana seo caite, is ábhar imní agus machnaimh dúinn uile gur cailleadh an líon mór post sin i dtionscail éagsúla sa Ghaeltacht. Is sásamh éigin é gur athchruthaíodh timpeall 300 díobh trí thograí nua a bunaíodh ar shócmhainní na gcomhlachtaí ar theip orthu. Bhain formhór na gcaillteanas eile le laghduithe ar a bhfoirne oibre a b'éigean do chomhlachtaí a chur i bhfeidhm de bharr deacrachtaí trádála i margaí éagsúla. Is fadhb mhór í líon na bpost a chailltear sa Ghaeltacht gach bliain a chealaíonn beagnach iomlán na bpost a chruthaítear go bliantúil. Tá sé ráite go soiléir sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbeidh an tÚdarás ag cur lena gcuid iarrachtaí ní amháin chun fostaíocht bhreise a chruthú ach freisin chun an fhostaíocht atá ann a chaomhnú. Is cinnte go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar na critéir a úsáideann an tÚdarás i dtaca le cúnamh a cheadú do thograí agus iarracht a dhéanamh chun na laigeachtaí a thagann chun cinn i gcomhlachtaí beaga maidir le bainistíocht, margaíocht agus teicneólaíocht a mhaolú oiread agus is féidir.
Tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag an Údarás maidir leis an meánchostas deontais in aghaidh an phoist a laghdú. Anuraidh ba é an meánchostas ná £9,130 i gcomparáid le £9,800 i 1991 agus £11,470 i 1990. Tá an laghdú seo ag teacht le cinneadh polasaí a glacadh cúpla bliain siar maidir le meánrátaí deontais a laghdú agus scair níos airde den infheistíocht a lorg ó na hinfheisteoirí féin. Leanfaidh an tÚdarás lena chuid iarrachtaí chun an costas sin a ísliú de réir a chéile le cinntiú go bhfaighfear an sochar is fearr agus is féidir as an infheistíocht Stáit i bhforbairt tionscail sa Ghaeltacht.
Anois tiocfaidh mé chun chuspóir an Bhille féin. Tá dhá aidhm leis. Is í an chéad aidhm foráil a dhéanamh trí alt a 2 den Bhille le gur féidir caipiteal a chur ar fáil feasta d'Údarás na Gaeltachta, le haghaidh scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus le haghaidh caiteachas a thabhú ar mhonarchana nó eile, mar dheontas-i-gcabhair trí Vóta mo Roinne seachas mar airleacain ón bPríomh-Chiste. Go dtí deireadh na bliana seo caite, bhíodh caipiteal ón Stát á chur ar fáil don Údarás, agus do Ghaeltarra Éireann roimhe, ar dhá bhealach: ó Vóta na Roinne mar dheontas-i-gcabhair chun deontais a íoc; agus mar airleacain inaisíoctha ón bPríomh-Chiste chun a chumasú don Údarás scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus caiteachas a thabhú ar mhonarchana nó eile.
Is é an tÚdarás an uirlis forbartha tionscail atá ag an Rialtas don Ghaeltacht. Nuair a rithfear an Bille seo is trí Vóta mo Roinne amháin a chuirfear an soláthar caipitil in iomlán ón Stát ar fáil don Údarás agus beidh an tÚdarás ar an mbonn céanna leis an Údarás Forbartha Tionscail maidir le cúnamh Stáit d'fhorbairt tionscail.
Ó bunaíodh an tÚdarás ar 1 Eanáir 1980, tá suim £77.182 mhilliún airleachta dó ón bPríomh-Chiste suas go dtí deireadh na bliana seo caite. Chomh maith leis sin, bhí suim £41.791 mhilliún airleactha do Ghaeltarra Éireann ó 1 Aibreán 1965 go dtí 31 Nollaig 1979. Faoi alt 23 (2) (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, níl an tsuim iomlán sin, i.e., £118.973 mhilliún, inaisíoctha ná níl ús iníoctha ar an gcéanna go dtí dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh le Aire na Gaeltachta — an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta anois. Tá sé soiléir le fada nach mbeadh ar chumas an Údaráis na hairleacain sin a aisíoc in iomlán riamh. Is é an dara aidhm leis an mBille seo, mar sin, foráil a dhéanamh trí alt a 3 nach mbeidh an tsuim sin inaisíochta ná nach mbeidh ús iníoctha air.
Míneoidh mé anois cén fáth nach mbeidh ar chumas an Údaráis na hairleacain a tugadh dó agus do Ghaeltarra Éireann a aisíoc in iomlán. Léiríonn cuntais fhoilsithe an Údaráis don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1991 gurbh é glan-luach monarchana, foirgneamh agus áiseanna eile, agus sócmhainní dochta eile na heagraíochta ar 31 Nollaig 1991 ná £59.013 mhilliún. Léiríonn na cuntais chéanna gurbh é glan-luach, tar éis soláthar i gcomhair athluacháil a dhéanamh, infheistíochtaí an Údaráis i gcuideachtaí ag 31 Nollaig 1991 ná £9.047 milliún. Chomh maith leis sin, bhí féichiúnaithe iarchurtha de £1.685 mhilliún ag an Údarás. Tagann na suimeanna sin ar fad go dtí £69.745 mhilliún. Go dtí 31 Nollaig 1991, tugadh airleacain dar luach £113.473 mhilliún don Údarás. Mar sin tá easnamh de £43.728 milliún sa chuntas. Déantar suas an £43.728 milliún sin mar seo a leanas:
£m |
|
Dímheas ar shócmhainní dochta |
12.183 |
Infheistíochtaí díscríofa móide dochar/sochar ar shócmhainní a dhíol |
24.590 |
Caillteanais na seanrannóga trádála a bhí ag feidhmiú faoi Ghaeltarra Éireann |
7.570 |
Fuílleach ar chúltaca aoisliúntais ag 31 Nollaig 1979 |
(0.615) |
43.728 |
Níl figiúirí iniúchtha do 31 Nollaig 1992 ar fáil go fóill ach meastar gur easnamh de £44.326 mhilliún a bheidh ann ar an dáta sin.
Ag féachaint don mhéid airgid mar airleacain a chuir an Stát ar fáil don Údarás i gcomparáid le glan-luach na maoine agus na n-infheistíochtaí anois, is léir go raibh agus go bhfuil costas ard ag baint le forbairt tionscail sa Ghaeltacht. Níor mhiste a threisiú, áfach, go bhfuil breis agus 5,600 post lánaimseartha agus beagnach 2,600 post séasúracha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis. Chomh maith leis sin, tá oiliúint thionsclaíoch curtha ar fáil do líon mór oibrithe agus tá eastáit tionscail agus líon maith monarchana aonracha tógtha ar fud na Gaeltachta.
Ar ndóigh bíonn deacrachtaí móra le sárú ag an Údarás d'fhonn tograí fiúntacha a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta atá scartha amach ó na príomhionaid thráchtála agus atá faoi mhíbhuntáiste cheana ó thaobh bunstruchtúir agus easpa saoráidí i gcoitinne i gcomparáid leis an gcuid eile den tír. Bíonn an tÚdarás ag snámh in aghaidh an tsrutha i gcónaí ag iarraidh gníomhaíochtaí oiriúnacha eacnamaíochta a spreagadh agus a fhairsingiú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag muintir na Gaeltachta chun fostaíocht shocrach a fháil ina gceantair féin agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu. Tríd is tríd, táim sásta go bhfuil dea-thoradh bainte amach leis an gcaiteachas mór Stáit ar fhorbairt tionscail sa Ghaeltacht.
Maidir le cuntais an Údaráis, beidh athruithe le déanamh ar an leagan amach nuair a bheidh feidhm leis an reachtaíocht is ábhar don Bhille seo. Is ceist í sin a bheidh le socrú tar éis plé idir an Údarás, Aire na Gaeltachta, an Aire Airgeadais agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Tá súil agam go bhfuil cuspóir an Bhille seo mínithe go soiléir agam. Cé gur Bille gairid é, is Bille tábhachtach é agus molaim don Seanad glacadh leis.