Measaim go bhfuil fiche nóiméad agam. Níl a fhios agam cén chuid den Ghaeltacht ina labhartar an Ghaeilge is binne ach tá mé cinnte go labhrann daoine i ngach Gaeltacht Gaeilge níos binne ná mo chuid féin. Nuair a éistim leis an Teachta Mac Fhionnlaoich nó an Seanadóir Ó Cnáimhsí tuigim an difear idir an cainteoir dúchais agus an duine a fhoghlaimíonn a chuid Gaoluinne níos déanaí.
Tá sé luaite cheana féin gur féidir a bhrath go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag daoine lasmuigh de na Gaeltachtaí i leith na Gaeilge ná mar atá ag daoine laistigh de na Gaeltachtaí. Tá sé suimiúil go bhfuil trí chinn de bhialanna in aice an Tí seo inar féidir gach gnó a dhéanamh iontu trí Ghaoluinn, ceann i gceannáras na Comhdhála, ceann i Sráid Dawson agus an triú ceann i dTeach an Ardmhéara.
Bheadh an t-ádh leat i nGaeltacht Chorca Dhuibhne do chuid gnó a dhéanamh go rialta as Gaoluinn i gcuid mhór de na tithe tábhairne agus bialanna ann. Ní ar muintir na Gaeltachta atá an milleán ach ar an mborradh mór atá tagtha ar thionscal na turasóireachta. Tá sé ag tarraingt daoine isteach sa Ghaeltacht ag lorg oibre.
Áit bhreá í an Ghaeltacht chun do shaol a chaitheamh inti má tá jab agat. Ach an chuid is mó de na daoine a théann isteach iontu níl Gaoluinn acu agus bíonn siad ag déanamh a gcuid gnó trí Bhéarla le muintir na háite. Cuid de ghnáthdheabhéasa na tíre seo é nach mbrúdh daoine Gaeilge ar dhaoine eile ach tá sé ag éirí níos deacra teacht ar bhialann nó teach tábhairne sa Ghaeltacht ina ndéanfar freastal ort trí Ghaeilge.
Ní theastaíonn ó éinne dul isteach in áit ar bith agus iachall a chur ar dhaoine Gaoluinn a labhairt nuair nach mian leo í labhairt, ach sin mar a bhraithim go minic sa Ghaeltacht anois. A mhalairt de scéal le muintir na Gaeltachta sna fíorGhaeltachtaí. Cé go bhfuil i bhfad níos mó Béarla á labhairt sna Gaeltachtaí tá an Ghaeilge i bhfad níos láidre mar tá i bhfad níos mó daoine óga ina gcónaí sna Gaeltachtaí anois ná mar a bhí fiche bliain ó shin. Agus cé gur meascán de Bhéarla agus Gaeilge a labhartar sa Ghaeltacht toisc go mbíonn daoine ann gan Ghaeilge, tá daoine óga ann a bhfuil Gaoluinn den scoth acu agus a labhrann í. N'fheadar ainneoin sin an bhfuil an meas céanna ag muintir na Gaeltachta ar an dteanga agus atá ag pobal na galltachta?
Tá catch-up le déanamh ag muintir na Gaeltachta leis an athrú meoin atá tar éis tarlú sa ghalltacht maidir leis an teanga agus a tábhacht. Tá catch-up le déanamh freisin maidir leis an sean-íomhá den bhochtanas trí Ghaeilge a bhíodh ag muintir na Gaeltachta go forleathan. Tá a lán daoine ann anois a bhfuil caighdeán ard maireachtála acu sna Gaeltachtaí le seirbhísí agus saol cultúrtha agus cabhraíonn na rudaí seo uilig le borradh na teanga, cé go gcuidíonn siad freisin le leathnú an Bhéarla. Téann an dá rud le chéile.
Ní fhéadfaí an Ghaeltacht a fhorbairt gan níos mó Béarla a ligint isteach ann. É sin ráite, caithfear a rá go bhfuil sé in am dúinn tabhairt faoin fhírinne agus féachaint cá bhfuil na Gaeltachtaí. Is bréag é a bheith ag ligint orainn féin go bhfuil áiteanna ar imeall chathair na Gaillimhe – na suburbs móra – go bhfuil siad sa Ghaeltacht. Níl a fhios fiú ag 90% de na daoine atá ina gcónaí iontu go bhfuil siad in ainm is a bheith ina gcónaí i nGaeltacht. An t-aon uair a fhaigheann siad é sin amach ná nuair a bhíonn toghchán ar siúl agus go dtugtar páipéar vótála sa bhreis dóibh. Ní bhíonn a fhios acu cé dóibh a bhfuil siad ag vótáil mar níl a fhios acu go bhfuil siad sna Gaeltachtaí oifigiúla.
Bheadh sé níos macánta limistéar Gaeltachta nua a shainmhíniú agus ní bheinn ró-dhian faoi. Nílim ag lorg linguistic purity mar ní dóigh liom go bhfuil sé ann a thuilleadh, an saghas ruda a bhí á lorg nuair a leagadh amach na limistéir beagnach 50 bliain ó shin. Ach bímis réasúnta macánta. Ní fiú baile an Daingin a chur isteach sa Ghaeltacht mar ní Gaeltacht í. Tá níos mó deathola i leith na Gaeilge i mbaile an Daingin anois ná mar a bhí 25 bliain ó shin. An chéad uair a chuaigh mé ann, dá labharfá Gaeilge sna siopaí agus fiú in oifig an phoist, chaithfí amach thú agus ní labharfaí leat. Ach tá níos mó spending power ag muintir na Gaeltachta anois agus tá athrú meoin ann. Ach ní Gaeltacht í baile an Daingin agus ní forbairt Ghaeltachta a tharlaíonn má tharlaíonn forbairt sa Daingean. Cabhraíonn sé leis an nGaeltacht ach ní forbairt Ghaeltachta í.
An chéad rud a gcuirim fáilte roimhe ná na deontais agus an méadú atá tagtha orthu. Ach tá sé ráite go minic nach gcabhróidh deontais den méid seo leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a mhaolú. I nGaeltacht Chorca Dhuibhne mar shampla ní bhfaighfí láthair tí ar níos lú ná £40,000. Daoine a bhfuil ceangail acu leis an áit agus ar féidir leo láthair tí a fháil óna muintir tá an t-ádh leo agus daoine eile a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht nó a bhfuil Gaoluinn acu, an deacracht is mó a bheas acu ná láthair tí a fháil.
Sin ceist níos forleithne ná ceist na ndeontas. Ní féidir deontais a chur ar fáil a chabhródh le daoine sa mhéid sin. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoin éileamh ar thithe, faoi chúrsaí pleanála chun cabhrú leis na daoine atá sásta cur futhu sa Ghaeltacht teach a chur ar fáil dóibh féin. Daoine cosúil liomsa atá ag cur isteach orthu, daoine a bhfuil tithe samhraidh acu sa Ghaeltacht is mó is cúis leis an éileamh sin, dar liom.
Caithfear cabhrú le daoine teach a chur ar fáil dóibh féin, ó fhoinsí príobháideacha nó poiblí nó daoine saibhre amháin a bheidh ag tógáil tithe sa Ghaeltacht. Áilleacht na Gaeltachta is cúis le cuid mhaith den éileamh seo.
Tá cúpla ceist agam i dtaobh an Bhille cé go bhfáiltím roimhe don chuid is mó. Cad é an difear idir alt 4 agus alt 9? Luann alt 4 na deontais is féidir a thabhairt do dhuine a shásóidh an tAire gurb í an Ghaeilge an ghnáththeanga sa teach. Ach in alt 9 deirtear ainneoin aon ní eile gur féidir leis an Aire scéimeanna a dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais chun deontais nó cúnamh airgid a sholáthar faoi chóir an chostas a ghabhannn le teach a thógáil sa Ghaeltacht agus gur deimhin leis an Aire nach rachaidh áitiú an tí chónaithe sin chun aimhleas úsáid na Gaoluinne sa limistéar Gaeltachta. Níl aon choinníoll ann go mbeadh na daoine siúd ag tógáil clanna trí Ghaoluinn. Ní thuigim an difríocht eatarthu agus is féidir é a phlé níos mó arís. Tá difríocht fhealsúnachta ann, braithim, ach b'fhéidir nach bhfuil an ceart agam.
Luaigh an tAire Stáit alt 10 faoi dheontais a ghnóthú nó a thógaint ar ais má bhíonn fraud nó misrepresentation ann. Is suimiúil nár luadh a leithéid go dtí seo. Cad a tharlaíodh go dtí seo dá mbeadh fraud nó misrepresentation ann? Ar fágadh na deontais leis na daoine ainneoin gurb eol don Stát go raibh mífhaisnéis nó calaois i gceist? Ní raibh aon slí ag an Stát airgead a thógail ar ais nuair ab eol dóibh gur chaolaois nó mífhaisnéis a fuarthas an t-airgead an chéad lá riamh.
Tá sainmhíniú tugtha ar theaghlach agus ní bheadh aon deacracht agam leis. Léifidh mé i mBéarla é: A family means all persons usually residing in the dwellinghouse with the occupier, whether related or not related by blood or marriage to the occupier. An fáth a luaim é sin ná go bhfuil sainmhíniú curtha ar fáil ag an gCúirt Uachtarach ar chlann agus is é a deir siad ná a family based on marriage. Ní dóigh liom go bhfuil sé bunreachtúil aon sainmhíniú eile a chur isteach sa Bhille seo a rachadh i gcoinne an tsainmhínithe sin.