Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Schools Building Projects.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 January 2004

Tuesday, 27 January 2004

Ceisteanna (401)

Enda Kenny

Ceist:

513 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé i gceist aige cead a thabhairt don Roinn suíomh a cheannach do Ghaelscoil i gContae Mhaigh Eo, (faisnéis curtha leis seo) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [1867/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé beartaithe ag mo Roinn líon suntasach suíomh a cheannach le linn 2004. Is é an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil do cheannach na suíomh do scoileanna bunoideachais agus iarbhunoideachais ná €32 milliún. De bharr an íogaireacht tráchtála a bhaineann le ceannach suíomh níl sé beartaithe ag an bpointe seo aon eolas a thabhairt faoi aon suíomh atá le baint amach. Beidh an t-eolas seo, áfach, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne www.education.ie nuair a bheidh na héadálacha cuí déanta.

Barr
Roinn