Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calaidh agus Céibheanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 March 2004

Tuesday, 23 March 2004

Ceisteanna (593)

Dinny McGinley

Ceist:

593 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais feabhsúcháin ar Ché Inis Oirthear, Dún na nGall; an bhfuil meastachán costais déanta amach agus an gceadóidh sé deontas don obair. [8604/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas ar dheontas faighte ag mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun oibreacha a chur i gcrích ar an gcéibh seo ar chostas iomlán de €100,000. Tá an t-iarratas seo á mheas faoi láthair agus cuirfear san áireamh é nuair a bheidh clár céibheanna beaga á roghnú amach anseo.

Barr
Roinn