Fergus O'Dowd
Ceist:592 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaca le forthairiscintí poiblí i leith thithe saoire Eanach Mheáin, cén méid iarratas a fuair an túdarás agus cén méid díobh a cuireadh faoi bhráid an bhoird; sna cáipéisí a eisíodh don chomórtas ar leagadh béim ar phlean gnó chun na tithe a reáchtáil mar thithe saoire ar mhaithe leis an nGaeltacht; ar cuireadh na pleananna gnó seo faoi bhráid bhord an údaráis; cén luacháil a rinneadh ar na hiarratais maidir lena gcuid pleananna leis na tithe a reachtáil chun leasa na Gaeltachta agus na Gaeilge agus cén tionchar a bhí aige sin ar na moltaí a rinneadh; ar glacadh leis an tairiscint ab ísle; ar dhiúltaigh an túdarás do €500,000 sa bhreis a bhí á thairiscint ag grúpa amháin nó don tairiscint ón bhfondúireacht naisiúnta aitheanta a bhí €55,000 níos airde agus plean forbartha acu a chosnódh na céadta mílte eile. [8524/04]
Amharc ar fhreagra