Eamon Gilmore
Ceist:175 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas a d’éirigh le scéim na mac léinn sa Ghaeltacht i mbliana. [22790/04]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004
175 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas a d’éirigh le scéim na mac léinn sa Ghaeltacht i mbliana. [22790/04]
Amharc ar fhreagraTáim ag glacadh leis gurb í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. Ón eolas atá ar fáil dom ag an bpointe seo, is féidir liom a rá gur éirigh go maith leis an Scéim i mbliana agus go raibh freastal maith ar na coláistí Gaeilge samhraidh.
Cé nach bhfuil figiúirí críochnaitheacha ar fáil go fóill, meastar nach mbeidh aon athrú mór ann ón mbliain seo caite, tráth a d'fhreastail thart ar 22,500 foghlaimeoirí ar na coláistí Gaeilge samhraidh.