Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deontais Ghaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Ceisteanna (17)

Trevor Sargent

Ceist:

40 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar an eolas faoi chairéal i mBaile na hAille, Contae na Gaillimhe (sonraí tugtha); comhlacht a fuair deontais ó Údarás na Gaeltachta in ainneoin nach bhfuil sé sa Ghaeltacht agus in ainneoin go bhfuair An Bord Pleanála amach go raibh sé ag feidhmiú i gcoinne dlí pleanála; gur chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe fógra dlí chuige i mí Feabhra 2003 agus an bhfuil sé i gceist ag an Aire an t-airgead Stáit a tugadh don chomhlacht seo a fháil ar ais de bharr na neamhrialtachtaí seo. [33487/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (7 píosaí cainte)

Ní mór dom a mheabhrú don Teachta ar an gcéad dul síos nach dtagann ant-ábhar sonrach seo faoi mo chúram, ós rud é go mbaineann ceadú an deontais chaipitil le feidhmiú Údarás na Gaeltachta ar bhonn laethúil agus go mbaineann an ghné pleanála de leis na húdaráis phleanála féin. Mar a chuir mé in iúl don Teach i mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh. 160 agus 76 ar 5 Deireadh Fómhair agus 9 Samhain 2004 faoi seach, cheadaigh Údarás na Gaeltachta deontas caipitil don chomhlacht seo ar an mhíthuiscint go raibh sé ag feidhmiú laistigh de limistéir na Gaeltachta.

Tuigim go bhfuil na céimeanna cuí glactha ag an Údarás chun aon atarlú a sheachaint. Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste ar an gcás le gairid mar chuid d'iniúchadh eatramhach ar chuntais 2004 an údaráis, agus tá sé curtha in iúl aige nach mbeidh aon bheart eile sa chás á thógáil aige.

Ní dúirt an tAire go raibh an cás seo ina chúis imní aige. Dúirt sé nach raibh sé freagrach as gach rud a dhéanann Údarás na Gaeltachta, agus tuigim é sin. Ag an am céanna, an féidir leis a rá go bhfuil sé ina chúis imní? Ní amháin go bhfuil an cairéal seo i mBaile na hAille taobh amuigh den Ghaeltacht, ní baile fearainn é Baile na hAille féin. An bhfuil an tAire á rá go mbeidh an deontas a fuair an cairéal seo á aistarraingt? An bhfuil sé ar an eolas go bhfuil An Bord Pleanála tar éis rá go bhfuil an tionscnamh seo ag briseadh rialacha pleanála agus go bhfuil an tAontas Eorpach tar éis cur ina leith go raibh disrespect agus non-enforcement i gceist in Iúil 2003?

Dá bharr sin, an bhfuil sé ina chúis imní ar fad aige, ní amháin go bhfuil an tionscnamh seo ag teacht salach ar bhunrialacha pleanála agus bunriachtanais an údaráis ach go bhfuil go leor den rud ceanann céanna ar siúl, de réir dealraimh? Tá figiúr agam: idir 1998 agus 2002, tarraingíodh beagnach €500,000 siar as deontais a tugadh amach sna cúig bliana sin. Nach cúis mhór imní é sin go bhfuil airgead á thabhairt amach agus ansin €500,000 á tharraingt ar ais? Nach gciallaíonn sé sin go bhfuil gá le mionscrúdú agus iniúchadh chun an scéal sin a réiteach?

Baineann an chuid dheireannach den cheist le ceist eile atá le freagairt inniu, agus sílim go mba cheart é sin a fhagáil go bhfreagrófaí an cheist sin.

Maidir leis an gcéad cheist, cheadaigh ant-údarás deontas don chairéal seo i 1998 ar an míthuiscint go raibh sé sa nGaeltacht. Bhí sé mícheart. Mar a mhínigh mé sa Teach cheanna, bhí sé deacair teorainn na Gaeltachta a aithint ag an bpointe sin, agus rinne sé botún. Níor cheart do dhuine botún a dhéanamh, ach tá sé daonna, agus is dóiche go dtuigimid ar an taobh seo den Teach gurbh é botún bona fide a bhí ann.

Ní bhaineann ceisteanna pleanála leis an ábhar seo ar chor ar bith. Nuair a tugadh an deontas, bhí sé ráite ag an údarás áitiúil gur chreid sé go raibh pleanáil ag an gcairéal seo ar an mbunús go raibh sé ann sular tháinig na dlíthe pleanála i bhfeidhm. I ndiaidh go raibh an deontas ceadaithe agus íoctha, thóg duine éigin ceist go dtí An Bord Pleanála, agus rialaigh sé ina dhiaidh sin nach raibh cead pleanála aige mar go raibh méadú úsáideach chomh mór sin is nach bhféadfaidís úsáid a bhaint as an chead pleanála a bhain le cairéalacha a tosaíodh roimh theacht na nAchtanna Pleanála. Ní féidir an milleán a chur ar Údarás na Gaeltachta, mar ní raibh a fhios aige roimh ré cad a déarfadh An Bord Pleanála trí nó ceithre bliana ina dhiaidh sin. Ghlac sé le focal bona fide an údaráis pleanála. Míníonn sé sin ceist na pleanála, agus dá bhrí sin, is féidir an cheist sin a chur ar leataobh.

Bhí imní orm maidir leis an gcás seo, ach thóg muid an cheist, agus go bhfios dúinn níl aon dearmad eile déanta. Ní amháin sin, ach dhearbhaigh Údarás na Gaeltachta dúinn go bhfuil céimeanna cuí glactha aige le déanamh cinnte nach dtarlóidh sé seo aríst. Mar atá ráite agam sa bhfreagra, scrúdaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais. Ceadaíodh an deontas sa mbliain 1998, agus íocadh €55,234 sa mbliain 1999-2000. Níl sé i gceist aon aisíoc a lorg sa gcás seo.

Is léir go bhfuil sé de nós ag an Údarás deontas a aistarraingt, más gá, agus tá sé ráite gurbh é botún a bhí ann. Is airgead poiblí é seo, agus tá An Baile Dóite, an áit a bhfuil an cairéal, taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá An Baile Dóite sa nGaeltacht.

Tá brón orm. Tá An Baile Dóite sa Ghaeltacht, agus dúradh go raibh an áit sa Bhaile Dóite. Ag an am céanna, tá sé taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá go leor tionscnamh ag iarraidh dul ar aghaidh agus rud éigin a bhunú sa Ghaeltacht, agus tá sé dochreidte go bhfuil an tAire agus an t-údarás sásta an t-airgead a fhágáil cé go bhfuil botún déanta. Tuigim go bhfuil cúrsaí pleanála taobh amuigh den cheist per se, ach is léir go bhfuil fadhbanna ag an dtionscnamh seo, agus tá airgead poiblí á infheistiú, ní amháin i dtionscnamh atá i gcoinne rialacha pleanála ach i gceann atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé de nós ag an údarás airgead a aistarraingt. Cén fáth nach bhfuil sé á dhéanamh aige sa chás seo?

Mar gheall ar an chaoi ar tugadh an t-airgead, mar gurbh é an t-údarás a rinne dearmad, agus mar nach raibh, dá bharr sin, seans ag an té a fuair an deontas dul chuig na heagraíochtaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Shíl sé féin agus an t-údarás go raibh sé taobh istigh den Ghaeltacht nuair a ceadaíodh an deontas. Nuair a scrúdaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é, níor mhol sé go lorgófaí aisíoc.

Barr
Roinn