Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Ceisteanna (18)

Fergus O'Dowd

Ceist:

41 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad atá déanta go dtí seo chun forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. [33275/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (11 píosaí cainte)

Seo a leanas roinnt de na príomhchéimeanna atá tógtha go dáta maidir le cur i bhfeidhm an Achta: rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás Alt 10; cuireadh soláthar ar fáil i Meastacháin mo Roinne chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a mhaoiniú, agus tá an tUas. Seán Ó Cuirreáin ceaptha ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004; foilsíodh ar 30 Meán Fómhair 2004 an leagan daingnithe de na treoirlínte a ullmhaíodh faoi Alt 12 den Acht chun cabhrú le comhlachtaí poiblí dréachtscéim a ullmhú faoi Alt 11 den Acht.

Tá scéim mo Roinne faoin Acht don tréimhse 2004 go dtí 2007 foilsithe freisin ó 30 Meán Fómhair 2004, agus tá sí ar fáil anois mar eiseamlár do chomhlachtaí poiblí eile; d'fhógair mé ar an lá céanna ainmneacha an chéad 25 chomhlacht poiblí a bhfuil iarrtha i scríbhinn agam orthu dréachtscéim a ullmhú i gcomhréir leis na treoirlínte sin. I measc na gcomhlachtaí sin tá Ranna, údaráis áitiúla, boird sláinte agus institiúidí tríú leibhéal. Tá mé ag súil go mbeidh na comhlachtaí poiblí atá san áireamh sa chéad bhabhta de phróiseas na scéimeanna ag cur dréachtscéimeanna faoi mo bhráid roimh dheireadh Mhárta 2005.

Molaim an obair atá déanta cheana féin, agus níl aon dabht go bhfuil níos mó Gaelainne á húsáid ná a bhí roimh an Acht. Tá ceist bhunúsach agam, áfach. Tá fhios agam go bhfuil an tAire go mór i bhfabhar an Bhille seo, ach tá mé ag éisteacht lena lán daoine timpeall na tíre á rá liom go bhfuil an iomad sin béime curtha ar an Ghaelainn sna pleananna bliantúla atá á gcur i gcrích anois, ag na húdaráis áitiúla ach go háirithe — development plans, annual reports agus rudaí mar sin — go gcosnaíonn sé na mílte euro na pleananna seo a chur faoi bhráid an phobail gan aon duine á léamh. Ba chóir go mbeadh ní ba mhó béime ar Ghaelainn a úsáid sna Gaeltachtaí agus níos mó seirbhísí a chur ar bun as Gaelainn sna ceantair a bhfuil Gaelainn á labhairt ach go háirithe. Tá daoine ag gearán go mór faoin méid airgid a chaitear amú ar an aistriúchán ach go háirithe. Ba chóir an t-airgead sin a dhíriú ní b'fhearr ar na daoine a bhfuil Gaelainn acu.

Ní thiocfainn leis an Teachta faoi sin. Maidin inné bhí mé i mBrí Cualainn, agus ní Gaeltacht í. Tá dhá bhunscoil lán-Ghaeilge agus meánscoil lán-Ghaeilge bunaithe le scaitheamh anois, agus feictear gasúir óga ag fás aníos i ngach baile in Éirinn agus iad ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge. Muna bhfuil an Ghaeilge taobh amuigh de na scoileanna, muna bhfuil sí le feiceáil i gcáipéisí poiblí, muna bhfuil múinteoir ranga, mar shampla, in ann a rá le gasúir go bhfuil cáipéisí poiblí ar fáil i nGaeilge, tá sé deacair ag na gasúir sin a thuiscint go bhfuil an Ghaeilge beo ina bpobail féin taobh amuigh den Ghaeltacht.

Bhí figiúirí thar a bheith spéisiúil mar thoradh ar fhreagra Ceiste in Foinse ag an deireadh seachtaine. Taispeánann sé go bhfuil Ranna ar an meán ag caitheamh €17,000 ar chur i bhfeidhm an Achta. Nuair a chuirtear é sin i gcomhthéacs na n-ollsuimeanna airgid a chaitheann Ranna — an méid, mar shampla, a chaitheann siad ar fhógraíocht nó taisteal — feicfear go bhfuil muid ag caint ar fhíorbheagán airgid i gcomhthéacs na mbuiséad riaracháin sna Ranna éagsúla.

Ní aontaíonn an pobal leis an Aire. Ba cheart an t-airgead a dhíriú ar rudaí ar nós na scoileanna lán-Ghaeilge atá, buíochas le Dia, ag fás i ngach áit. Sílim go mbeadh sé an-mhaith seirbhís ní b'fhearr a thabhairt do na scoileanna sin agus do na daoine atá ag múineadh iontu, a bhíonn ag labhairt na teanga agus a bhfuil baint acu léi. Is é an gearán a chloisim ná go bhfuil an t-airgead á chaitheamh amú ar thuarascálacha bliantúla na n-údarás áitiúla, pleananna forbartha agus rudaí eile nach léann aon duine iad. Nár chóir an t-airgead sin a chaitheamh ar an ghnó sin? Ní dhéanann sé aon mhaitheas, mar ní léann aon duine in am ar bith iad. Níl aon duine ag gearán faoin méid airgid atá á chaitheamh ar son na Gaelainne; níl aon cheist faoi sin. Tá an tAire sásta an t-airgead a chaitheamh, ach ceapann na daoine a bhí ag caint liom gur féidir é a chaitheamh níos fearr.

Ní chaithfí an t-airgead atá á chaitheamh ar an obair seo ar an Ghaeltacht, mar tagann sé as buiséad eile.

Ba chóir go mbeadh plean forbartha Gaelainne ag na comhairlí contae chun na Gaelainne a fhorbairt. Cén fáth nach bhfuil an t-airgead á chaitheamh ar sin seachas é a chaitheamh ar cháipéisí nach léann aon duine?

Más cáipéisí nach léann aon duine iad, níl a fhios agam cén fáth a bhfoilsítear i mBéarla nó Gaeilge iad.

Tá an ceart ag an Aire.

Ach níl aon cheist faoin iliomad páipéir a fhaighimid i mBéarla. Dá ndéanfadh duine iarracht é a léamh, ag tosacht ar 1 Eanáir gan aon chabhair nó tada, ní bheadh sé léite ag deireadh na bliana aige. Sin fadhb ghinearálta, agus ardaítear na fadbhanna sin nuair a chuirtear na cáipéisí millteanacha seo ar fáil sa Bhéarla. Feicim — chonaic mé go minic san am atá caite — cáipéisí á gclóbhualadh ar chostas mór a bhí uafásach trom, agus ní dóigh liom gur léigh mórán daoine iad agus iad i mBéarla amháin. Níl aon cheist faoi sin. Sílim féin go bhfuil sé in am breathnú ar fhadhbanna mar sin go ginearálta. Má bhreathnaítear ar na tuarascálacha bliantúla, feictear go bhfuil siad an-mhaisithe agus lán de phictiúir. Cosnaíonn sé sin airgead, ach ní deir éinne rud ar bith. Ní thagann aon cheist costais le rud ar bith a bhaineann le cúrsaí riaracháin go dtí go n-iarrtar ar dhuine éigin rud a chur ar fáil san dá theanga oifigiúil.

Nuair a bhí an díospóireacht faoin Acht ar siúl anseo, bhí argóint go raibh an méid cáipéisí a bhí á lorg againn trí Ghaeilge agus trí Bhéarla i bhfad ró-theoranta. Ag an am, ghlac mé leis go mbeadh argóint an Teachta á cur i mo choinne, agus choinnigh mé teoranta é, mar bhí a fhios agam go n-iompódh an taoide. Ag an am céanna, creidim gur bunrud é tuarascáil bhliantúil eagraíochta poiblí. Ós rud é go mbaineann na meáin Ghaeilge úsáid astu seo le labhairt le pobal na Gaeltachta, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na cáipéisí seo ar fáil trí Ghaeilge.

An mbeadh an tAire sásta dul i gcomhair leis na comhairlí contae le caint leo mar gheall ar an bhuiséad atá acu chun na Gaelainne a chur chun cinn le feiceáil an mbeidís sásta plean eile a chur i bhfeidhm seachas an ceann atá ann faoi láthair in áiteanna nach labhraítear aon Ghaelainn ar chor ar bith? Sin é an gearán is mó. Níl daoine á rá nár cheart an t-airgead a chaitheamh ach gur féidir value for money a fháil dó.

Níl a leithéid d'áit ann níos mó nach labhraítear an Ghaeilge inti. Bíonn spéis ag an bpobal i gcoitinne i bpleananna contae. Níl na daoine ag maireachtáil i gcoirnéal den tír; tá siad ag dul anonn is anall. Má bhreathnaimid ar thuarascálacha bliantúla i mBéarla, feicimid gurb é an dream is mó a chuireann i láthair an phobail iad ná na meáin Bhéarla. Ní rud a cheannaíonn an mórphobal iad. They are not bestsellers, mar a deirtear. Úsáideann na meáin Bhéarla iad chun rudaí a chur i láthair an phobail. Is éard a tharlaíonn leis an Ghaeilge anois, buíochas le Dia, ná go n-úsáideann na meáin Ghaeilge iad chun an rud céanna a dhéanamh. Go minic, ní hé an léitheoireacht atá tábhachtach ach an úsáid a bhaintear astu, mar a gcéanna leis an Bhéarla, chun rud a chur os comhair an phobail. Go minic is é an chaoi a bhfaigheann daoine amach céard atá i dtuarascáil bhliantúil Béarla ná an páipéar áitiúil a léamh.

Barr
Roinn