Mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 79 ar 14 Nollaig 2004, tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte, ar dhréacht de na Rialacháin a dhéanfar faoi Alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tuigfidh an Teachta nach mór do mo Roinn-se, mar chuid lárnach don phróiseas, dul i gcomhairle le Ranna Rialtais eile maidir leis an ábhar seo sula gcuirfidh mé na rialacháin i bhfeidhm. Ó tharla gur rialacháin cuimsitheacha a bhaineann le hábhair éagsúla atá i gceist, níl i gceist agam teora ama sonrach a lua leis an bpróiseas comhcomhairle seo. Tá sé mar sprioc agam, áfach, go mbeidh na rialacháin déanta roimh lár na bliana reatha agus tá súil agam go gcloífear leis sin.
Cé nach féidir liom mionsionraí a tabhairt go dtí go mbeidh na Rialacháin déanta, is féidir liom a rá go bhfuil dhá bhunphrionsabal lárnacha sa cheist seo. Tá sé i gceist agam go mbeidh rogha idir Ghaeilge, nó Gaeilge agus Béarla, a úsáid. Ní bheith an triú rogha — Béarla amháin — dlíthiúil níos mó. Beidh forálacha ar leith ag baint leis an nGaeltacht. An dara rud ná go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a laghad ar chomh-thaispeántacht leis an mBéarla ar aon chomhartha sa chás go roghnófar an dá theanga oifigiúil a úsáid.