Aengus Ó Snodaigh
Ceist:349 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise na maitheasa atá déanta don Ghaeilge agus d’íomhá na Gaeilge sa phobal de thoradh an mhéadaithe ar chraolachán Gaeilge ar na stáisiúin a thagann faoi chúram Choimisiún Craolacháin na hÉireann, CCÉ, cad é an tuairim atá aige ar chinneadh CCÉ deireadh a chur leis an bpost mar chomhordaitheoir Gaeilge ar fhoireann an choimisiúin agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé i gceist aige scéim a ullmhú faoi Acht na dteangacha chun an neamart seo a réiteach. [7808/06]
Amharc ar fhreagra